Foirmeacha Iontrála do Dhuaiseanna Speisialta

FOIRMEACHA IONTRÁLA DO DHUAISEANNA SPESIALTA 2026

Eagraítear ár nDuaiseanna Speisialta urraithe i gcomhthráth leis an bpríomhchomórtas agus tá sé mar aidhm acu luach saothair a thabhairt do thionscnaimh atá dírithe ar fheabhsú do phobail.

Tá iontráil oscailte do gach Grúpa Bailte Slachtmhara chomh maith le daoine aonair nó grúpaí eile a bhfuil suim acu ann. Tá áthas orainn dhá urraitheoir nua a fhógairt faoinár gcatagóir Duaiseanna Speisialta do 2026.

Má bhíonn aon deacrachtaí agat rochtain a fháil ar aon cheann de na foirmeacha iarratais dámhachtainí speisialta, déan teagmháil leis an Aonad Bailte Slachtmhara le haghaidh cúnaimh trí ríomhphost tidytowns@drcdg.gov.ie nó ar 01 773 6988 nó 01 5391105.

Is deonach go hiomlán é iontráil sna Duaiseanna Speisialta agus ní bheidh tionchar ag neamhiontráil ar fheidhmíocht sa phríomhchomórtas.

Seol do fhoirmeacha iarratais Duaiseanna Speisialta comhlánaithe chuig an seoladh ríomhphoist ceart, marcáilte go soiléir le teideal na Duaiseanna Speisialta.

No. 1

GRADAIM NA SPRIOCANNA FORBARTHA INBHUANAITHE

DUAISCHISTE €6,

Arna n-urrú ag an Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil

Is é aidhm fhoriomlán Ghradaim na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, a n-urraíonn an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide iad, aitheantas a thabhairt don ról a imríonn na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe sa ghnáthshaol laethúil. Is é aidhm na ngradam feasacht a mhúscailt ar na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus aitheantas a thabhairt do na tairbhí a ghabhann leo ar an leibhéal áitiúil, náisiúnta agus domhanda mar threoir maidir le feabhas a chur ar cháilíocht na beatha. Tá sé mar aidhm leo saol cuibhiúil a bhaint amach do chách ar phláinéad sláintiúil faoin mbliain 2030. Tá ríthábhacht ag baint le gníomhartha pobail dearfacha cumasaithe maidir leis an méid sin a bhaint amach.

Agus iontráil á cur isteach agat, luaigh go soiléir san ábhar ainm an Ghrúpa Bailte Slachtmhara, an suíomh agus gur iontráil do Ghradam SDG 2026 atá ann.

Is féidir tuilleadh faisnéise a fháil ag www.gov.ie/sdgs nó trí ríomhphost a sheoladh cguig SDGS@dcee.gov.ie

Dáta deiridh 8 Meitheamh 2026

Féach an Fhoirm Iontrála anseo

No. 2

GLAS-BHEALAÍ & GRADAIM TAISTEAL GNÍOMHACH

DUAISCHISTE €5,000

Urraithe ag an Rionn Iompair

Is ábhar ríméid don Roinn Iompair urraíocht a dhéanamh ar dhá dhuais i gcatagóirí speisialta, ceann amháin do Ghlasbhealaí agus an dara ceann do Thionscadail maidir le Turasóireacht Ghníomhach.

Tá buntábhacht le háiseanna siúlóide agus rothaíochta a chur ar fáil sna cathracha, sna bailte móra agus sna sráidbhailte maidir le conairí iompair atá sábháilte áisiúil a chur ar fáil ionas go mbíonn ceangal don lucht coisíochta agus rothaíochta idir na hionaid uirbeacha. Is sócmhainní poiblí na gnéithe bonneagair seo a chuirtear ar fáil ionas gur féidir le daoine iad a úsáid chun tabhairt faoi thurais a bhfuil cuspóirí éagsúla leo – caitheamh aimsire, taisteal chuig an obair agus abhaile, taisteal chun na scoile agus déanamh teachtaireachtaí. Tugann bealaí den sórt seo deis don phobal scéimhe na háite a léiriú tríd an obair maoirseachta a dhéanann siad. Féachtar leis an gcatagóir speisialta seo le dícheall Ghrúpaí Chomórtas na mBailte Slachtmhara a admháil i mbun gnéithe den bhonneagar foirgníochta a chóiriú leis an sárchleachtas éiceolaíochta chomh maith le cur le sócmhainní phobal na háite

Chun tuilleadh sonraí a fháil, maidir le Bealaí Glasa agus Taisteal Gníomhach, déan teagmháil le d’údarás áitiúil.

Dáta deiridh 8 Meitheamh 2026

Féach an Fhoirm Iontrála anseo

No. 3

GRADAM DO DHAOINE ÓGA I MBAILTE SLACHTMHARA

DUAISCHISTE €5,000

Urraithe ag an Roinn Forbartha, Tuathe agus Pobail agus Gaeltachta

Is ar an aoisghrúpa idir 16 agus 24 atá Gradam na nDaoine Óga dírithe, na daoine óga atá rannpháirteach i dtionscnaimh agus tionscadail ina ngrúpaí Bailte Slachtmhara i rith na bliana. Níl scoileanna ábalta cur isteach air. Ba chóir iontrálacha a sheoladh ar aghaidh ag baint úsáid as an bhfoirm iontrála Gradam na nDaoine Óga.

Is féidir grianghraif a úsáid chun tacú le bhur n-iarratas. Ba cheart d’iarratasóirí ar Ghradam na nDaoine Óga mar a chinntíonn grúpaí Bailte Slachtmhara go mbíonn baint ghníomhach ag daoine óga san aoisghrúpa 16 go 24 chun cur ar bhonn leanúnach le gníomhaíochtaí Bailte Slachtmhara áitiúla a léiriú, lena n-áirítear ballraíocht, nó rannpháirtíocht dhíreach sna Grúpaí. Ba cheart tionscnaimh a bhfuil an grúpa ag tabhairt fúthu chun daoine ón aoisghrúpa sin a spreagadh le go mbeidh baint níos mó acu sa choiste a chur san áireamh. Bronnfar an gradam ar an nGrúpa Bailte Slachtmhara a raibh méadú ar rannpháirtíocht daoine ón aoisghrúpa 16 go 24 mar thoradh ar na tionscnaimh a thug siad fúthu, agus a raibh toradh dearfach orthu dá bharr don ghrúpa Bailte Slachtmhara agus don phobal níos leithne ag léiriú mar is féidir le daoine óga ról ceannaireachta gníomhach a bheith acu sa phobal.

Chun tuilleadh eolais a fháil féach ar www. tidytowns.ie

Dáta deiridh 8 Meitheamh 2026

Féach an Fhoirm Iontrála anseo

No. 4

DUAIS CHOMÓRTAS NA MBAILE SLACHTMHARA DO SCOILEANNA DUAISCHISTE DE €5,00

Urraithe ag SuperValu

Tá duais do bhunscoileanna á tionscnamh ag SuperValu ar a dtugtar Duais Chomórtas na mBaile Slachtmhara do Scoileanna.

Is mian linn go mbeadh tuiscint agus cleachtadh ag leanaí na hÉireann ar a gcuid bia féin a fhás agus go dtuigfí an tábhacht atá le bithéagsúlacht na háite a chaomhnú ionas go bhféadann siad féin éirí aníos i saol níos folláine. Tá SuperValu dá bhrí sin ag éileamh ar na Bunscoileanna go léir an dea-obair atá á dhéanamh acu chun feabhas a chur ar thimpeallacht na scoile agus an tseomra ranga a léiriú.

Roghnófar grúpa as gach ceann den cheithre réigiún don bhabhta ceannais agus bronnfar €1,000 ar gach grúpa díobh sin. Bronnfar €1,000 eile sa bhreis ar an méid sin ar bhuaiteoir an chomórtais náisiúnta

Féach ar www.supervalu.ie chun tuilleadh eolais a fháil

Dáta deiridh 8 Meitheamh 2026

Féach an Fhoirm Iontrála anseo

No. 5

Gradam An Tascfórsa Um Bruscar Guma

DUAISCHISTE €8,000

Urraithe ag an Tascfórsa um Bruscar Guma (TBG)

Is comhthionscnamh é an Tascfhórsa um Bruscar Guma (TBG) idir earnáil na tionsclaíochta agus an rialtas chun feasacht a ardú ar fhadhb an bhruscair guma coganta agus chun athrú dearfach a spreagadh san iompraíocht maidir le diúscairt ghuma. Tríd an fheachtas náisiúnta, “Caith do ghuma coganta sa bhosca bruscair nuair atá tú críochnaithe”, tá an TBG ag léiriú tábhacht na diúscartha freagraí agus tá siad ag tacú le forfheidhmiú níos láidre den fhíneáil €150.

A bhuí le hiarrachtaí leanúnacha atá á ndéanamh ag pobail ar fud na tíre, níl sa bhruscar guma ach 7.3% den bhruscar go náisiúnta – an céatadán is lú go dtí seo – agus 92% de dhaoine ag rá go bhfaigheann siad réidh lena nguma sa bhealach ceart.

Ba mhaith leis an TBG luach a saothair a thabhairt do ghrúpaí Bailte Slachtmhara atá ag reáchtáil tionscnaimh um fheasacht chomhshaoil, atá dírithe ar dheireadh a chur le bruscar guma coganta ina gceantair. Leis an ghradam seo, aithnítear pobail atá ag cruthú iompraíocht fhreagrach agus ag cur freagracht shóisialta chun cinn don ghlúin seo agus na glúnta amach romhainn.

Féach ar www.gumlittertaskforce.ie chun tuilleadh eolais a fháil

Dáta deiridh 8 Meitheamh 2026

Féach an Fhoirm Iontrála anseo

No. 6

AN PLEAN PAILNEORA UILE ÉIREANN – GRADAM PAILNEORA AN ÚDARÁIS ÁITIÚIL DUAISCHISTE €10,000

Urraithe ag Oifi gí Oidhreachta agus Oifi gí Bithéagsúlachta na nÚdarás Áitiúil ar fud na hÉireann i gcomhpháirtíocht leis an Ionad Sonraí

Féachann Gradam Pailneora an Údaráis Áitiúil le grúpaí Bailte Slachtmhara a spreagadh chun gníomhartha atá báúil do phailniú a chur i bhfeidhm ar fud bailte agus sráidbhailte mar chuid den chomórtas Bailte Slachtmhara. Tá beacha fi áine na hÉireann, ríthábhachtach do phailniú ár bplandaí, ár gcrann agus ár nglasraí ach tá na beacha ag dul i léig – an chúis atá leis sin ná go bhfuil laghdú tubaisteach déanta ar na limistéir ar féidir le beacha a nead a dhéanamh agus ar an mbia a chuirtear ar fáil dóibh faoin tír. Is é aidhm an ghradaim ná athrú a chur air sin trí ghrúpaí Bailte Slachtmhara a spreagadh bearta simplí atá báúil do phailneoirí a ghlacadh ina gceantair áitiúla féin. Tacaíonn Gradam Pailneora an Údaráis Áitiúil leis an bPlean Pailneora Uile Éireann ag a bhfuil urraíocht ó Oifi gí Oidhreachta & Oifi gí Bithéagsúlachta na nÚdarás Áitiúil ar fud na hÉireann.

Bronnfar €1,000 i ngach ceann den cheithre réigiún sa chatagóir Sráidbhaile/Baile Beag agus sa chatagóir Baile Mór/Lárionad Uirbeach Mór. De na hocht iomaitheoir sa bhabhta ceannais, bronnfar €1,000 breise ar an mbuaiteoir náisiúnta foriomlán. Tá “Gradam don Iontráil Nua Is fearr” freisin ann lena bhfuil duais €1,000.

Chun tuilleadh eolais a fháil féach ar www.pollinators.ie

Dáta deiridh 8 Meitheamh 2026

Féach an Fhoirm Iontrála anseo

No. 7

GRADAM NA NOILEÁN DUAISCHISTE €1,500

Urraithe ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobal agus Gaeltachta

Bronntar Gradam na nOileán ar an dá iontrálaí is airde scór ar oileáin iad nach bhfuil ceangailte leis an mórthír le droichead, atá scoite gach lá ón mórthír de bharr na taoide, a bhfuil cónaí buan air agus nach bhfuil faoin úinéireacht phríobháideach

No. 8

AN GRADAM UISCÍ AGUS POBAL

DUAISCHISTE €7,000

Urraithe ag Iascach Intíre Éireann, Uiscebhealaí Éireann agus ag Clár Uiscí na nÚdarás Áitiúile

Tá mar aidhm leis an Ghradam Uiscí agus Pobal grúpaí pobail a spreagadh chun páirt níos mó a ghlacadh ina réimsí uisce áitiúla trí chabhrú lena n-oidhreacht nádúrtha áitiúil a chaomhnú agus a chur chun cinn, agus lánúsáid a bhaint astu. Tá sé ar oscailt d’aon ghrúpa pobail a bhfuil meas léirithe acu ar a dtimpeallacht uisce agus a n-oidhreacht uisce le linn 2025.

Seo roinnt samplaí de thionscnaimh um chaighdeán uisce: tacú le bithéagsúlacht agus oidhreacht uisce; slatiascaireacht a chur chun cinn; imeachtaí agus tionscnaimh um chothú feasachta; réitigh a thagann ón dúlra a chur chun cinn; réimsí uisce áitiúla a ghlanadh; áiseanna a uasghrádú.

Tá duaischiste €7,000 i gceist leis an Ghradam Uiscí agus Pobal, atá le roinnt idir an bhuaiteoir foriomlán, buaiteoirí réigiúnacha agus grúpaí réigiúnacha a tháinig sa dara háit. 

Tá an Gradam Speisialta seo á urrú ag:

Iascach Intíre Éireann (IIÉ), atá freagrach as bainistiú earnálacha an iascaigh intíre agus slatiascaireachta mara.

Uiscebhealaí Éireann, atá freagrach as bainistiú na n-uiscebhealaí inseolta intíre.

Clár Uiscí na nÚdarás Áitiúil (CUÚÁ), a oibríonn i gcomhar le pobail chun tacú leo agus iad ag glacadh páirt i gcaomhnú réimsí uisce áitiúla.

Féach ar www.lawaters.ie chun tuilleadh eolais a fháil

Dáta deiridh 8 Meitheamh 2026

Tairseach Iontrála:

Waters and Communities Award – TidyTowns Competition 2026 | Online Consultation Portal of the Waters and Communities Office

No. 9

AN GRADAM GNÍOMHAITHE AR SON NA HAERÁIDE

DUAISCHISTE: €6,000

Urraithe ag an Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil

Is é aidhm fhoriomlán an ghradaim seo an tionchar atá in ann a bheith ag pobail áitiúla a aithint agus iad ag tabhairt faoi athrú aeráide. Tá sé mar aidhm ag an ngradam seo ceiliúradh a dhéanamh ar phobail atá i ndiaidh gníomhú ar son na haeráide, ar fheasacht a mhúscailt taobh istigh dá bpobail féin agus ar an gcomhoibriú chun teacht ar réitigh do ghníomhú ar son na haeráide le Chéile

Bronnfar ceithre dhuais:

1. €2,000 don iontráil is fearr ó bhaile mór nó ó lár uirbeach (catagóir A go D)

2. €2,000 don iontráil is fearr ó shráidbhaile/bhaile beag (catagóir E go H)

3. Duais fhoriomlán €1,000 don dara háit

4. Duais speisialta don Óige de €1,000

Chun tuilleadh eolais a fháil féach ar climateawards@dcee.gov.ie

Dáta deiridh 8 Meitheamh 2026

Féach an Fhoirm Iontrála anseo

No. 10

GRADAM NÁ FÁG AON NÍ I DO DHIAIDH NA MBAILTE SLACHTMHARA

DUAISCHISTE €1,100 – €1,000 in éineacht le hoiliúnaí de chuid Ná Fág Lorg ar feadh lá amháin chun cúrsa nó ceardlann Feasachta, rochtain ar Acmhainní Ná Fág Lorg ar líne, agus cur chun cinn ar fud na meán sóisialta a chur ar fáil. Urraithe ag  Leave No Trace Ireland

Agus é ar an seachtú bliain dá bheith á reáchtáil, is le Gradam Speisialta Ná Fág Lorg na mBailte Slachtmhara a thugtar aitheantas do phobail as ucht a gcuid iarrachtaí suntasacha i ndáil leis an timpeallacht nádúrtha a chosaint agus a fheabhsú agus freagracht amuigh faoin aer a chur chun cinn. Trí aitheantas a thabhairt do na pobail seo, tá Ná Fág Lorg Éireann ag féachaint le pobail eile a spreagadh bearta éachtacha a dhéanamh chun áineas amuigh faoin aer a chosaint agus a chur chun cinn. Déan iarratas inniu agus inis dúinn faoin méid atá bainte amach ag do ghrúpa.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach www.leavenotraceireland.org

Dáta deiridh 8 Meitheamh 2026

Féach an Fhoirm Iontrála anseo

No. 11

GRADAM LÁR BAILTE AR DTÚS

DUAISCHISTE €5,

Urraithe ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobal agus Gaeltachta

Is polasaí tras-rialtais é an Polasaí Lár Bailte ar dTús (LBT) a seoladh i mí Feabhra 2021, agus a bhfuil sé mar aidhm leis láir bhailte a chruthú a fheidhmíonn mar láithreacha inmharthana, bríomhara agus tarraingteacha do dhaoine le maireachtáil iontu, oibriú iontu agus cuairt a thabhairt orthu, le linn dóibh feidhmiú mar mhol seirbhísí, sóisialta, cultúrtha agus áineasa do phobal na háite ag an am céanna freisin. Aithníonn LBT go bhfuil tréithe ar leith ag baint le gach aon bhaile maidir leis na dúshláin, riachtanais agus deiseanna a bhaineann leis, agus is le LBT a leagtar an dúshraith do gach aon bhaile lena bhealach pleanáilte féin chun cinn a fhorbairt ag leibhéal na háite. Is féidir tuilleadh faisnéise a fháil ar gov.ie – Lár Bailte ar dTús.

Leis an nGradam LBT, atá urraithe ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, aithnítear na hiarrachtaí eiseamláireacha a dhéantar i mbailte chun athnuachan agus athbheochan lár an bhaile a chur chun cinn i gcomhréir leis an bpolasaí agus tugtar aitheantas don ról lárnach atá ag grúpaí na mBailte Slachtmhara i ndáil le forbairt inbhuanaithe a bpobal agus láir bhailte a fheabhsú.

Chun tuilleadh eolais a fháil, féach www.tidytowns.iewww.towncentrefirst.ie

Dáta deiridh 8 Meitheamh 2026

Féach an Fhoirm Iontrála anseo

No. 12

GRADAM EACNAMAÍOCHTA CIORLÁN EPA

DUAISCHISTE €3,500

Urraithe ag The Environmental Protection Agency

Tá sé mar aidhm ag an ngradam seo aitheantas a thabhairt do phobail a thug faoi ghníomhaíochtaí anuraidh a thacaigh le luachanna an Gheilleagair Chiorclaigh agus a chur chun cinn iad. I ngeilleagar ciorclach, tá meas againn ar acmhainní agus ar tháirgí agus féachaimid gan iad a chur amú agus iad a choinneáil in úsáid níos faide. Is gníomhaíochtaí geilleagair chiorclaigh iad athúsáid, deisiú, roinnt táirgí agus cosc ar dhramhaíl (m.sh cosc ar chur amú bia, plaisteach nó cosc ar chur amú pacáistiú eile) agus d’fhéadfadh sé gur thacaigh do phobal leis na gníomhaíochtaí seo. Cuirfear fáilte roimh thionscnaimh feasachta a chuirfi dh daoine ar an eolas faoin ngeilleagar ciorclach nó a thacaíonn le gnólachtaí ciorclacha taobh istigh de do phobal. D’fhéadfadh obair a dhéantar faoin bpríomhchatagóir ‘Inmharthanacht – Mórán ar an mbeagán’ a bheith ábhartha don ghradam speisialta seo. Tríd na pobail seo a aithint, tá súil ag an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil feasacht ar shamplaí praiticiúla de ghníomhaíochtaí geilleagair chiorclaigh atá i bhfeidhm inár bpobail, a spreagadh agus a mhéadú.

Bronnfar duais €1,000 ar an mbuaiteoir náisiúnta foriomlán, duais €800 a bhronnfar ar an dara háit, duais €700 ar an tríú háit agus dhá dhuais thánaisteacha €500. Le haghaidh tuilleadh sonraí seol ríomhphost le do thoil cep@epa.ie

Dáta deiridh 8 Meitheamh 2026

Féach an Fhoirm Iontrála anseo

No. 13

SUPERVALU GRADAM POBAIL CUIMSITHEACH DUAISCHISTE €2,000

Urraithe ag SuperValu

Creidimidne anseo i SuperValu nach bhfágtar aon duine ar lár sna pobail is fearr. Cuireann daoine de gach aois, eitneacht agus cumas leis an bpobal agus is mar thoradh air sin a ndéantar áiteanna níos dár bpobail le bheith ag maireachtáil, ag obair agus ag súgradh iontu.

Tá sé mar aidhm leis an ngradam seo aitheantas a thabhairt do choistí Bailte Slachtmhara atá ag déanamh athruithe dearfacha chun ionchuimsitheacht a chur chun cinn agus a éascú do chách trí ghlacadh go fonnmhar le gach duine den phobal agus iad a áireamh ann.

Bronnfar duais €2,000 ar an gcoiste Bailte Slachtmhara is fearr a léireoidh mar a chuir siad cuimsiú gach ball den phobal chun cinn trí thionscadail agus tionscnaimh chuimsitheacha.

Le haghaidh tuilleadh sonraí féach ar nó www.supervalu.ie

Dáta deiridh 8 Meitheamh 2026

Féach an Fhoirm Iontrála anseo

No. 14

GRADAM NA GAELTACHTA

DUAISCHISTE €2,500

Urraithe ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobal agus Gaeltachta

Bronntar Gradam na Gaeltachta ar an dá iontrálaí is airde scór ó cheantar Gaeltachta. Ní mór na Foirmeacha Iarratais a chomhlánú i nGaeilge.

No. 15

GRADAM THIONSCADAL NA GCRANN

DUAISCHISTE €1,000

Urraithe ag Comhairle Crann na Éireann

Tionscnamh is ea Gradam Thionscadal na gCrann lena gcuirtear luach ar an tionchar dearfach a bhíonn ag crainn ar an gcomhthimpeallacht fhoriomlán i mbaile nó sráidbhaile. Ní hamháin go leagtar béim ar chrainn a chur i dtosach báire, ach leagtar béim freisin ar chrainn a chothabháil agus a bhunú ar feadh a saolré. Leis an ngradam seo, tugtar aitheantas do Choiste na mBailte Slachtmhara, ar trína gcuid oibre crua a cothaíodh atmaisféar uirbeach coillearnaí laistigh dá bpobal féin. Ina theannta sin, d’fhéadfaí an tionscadal a dhíriú ar sheanchrainn agus crainn sheanbhunaithe a chaomhnú, trí aitheantas a thabhairt don tábhacht nádúrtha, staire, chultúir, luibheolaíochta nó tírdhreacha a bhaineann leo. Déanfar méid agus raon an tionscadail faoina dtugtar, mar aon leis na buntáistí inbhraite a bhaineann leis an tionscadal don phobal, a mheas go cúramach. Chun iarratais a dhéanamh ar an ngradam, bain úsáid as an bhfoirm iarratais maidir le Duais Thionscnamh na gCrann agus cuir ar a laghad ceithre íomhá leis an bhfoirm ina léirítear an bhail a bhí ar an áit sular cuireadh an tionscadal i gcrích agus an bhail atá ar an áit ina dhiaidh. Feidhmeoidh na híomhánna mar fhianaise amhairc maidir leis an tionchar agus claochlú a bhí i gceist leis an tionscadal.

Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh chuig: www.treecouncil.ie/supervalu-tree-project-award

Dáta deiridh 8 Meitheamh 2026

Féach an Fhoirm Iontrála anseo

No. 16

Gradam Pobail Néaltrú-Chuimsitheach

Duaischiste – €5,000

Arna urrú ag Seirbhísí Náisiúnta Néaltraithe, Feidhmeannas na Seirbhíse Sláinte (FSS)

Is é aidhm fheachtas Néaltrú: Tuiscint le Chéile ná muintir ár bpobal a spreagadh chun daoine a bhfuil néaltrú orthu a thabhairt isteach, agus tacú leo.

Tá mar aidhm leis an ghradam seo aitheantas a thabhairt do choistí Bailte Slachtmhara a bhfuil athruithe dearfacha á ndéanamh acu ina bpobail chun cuimsitheacht a chur chun cinn agus a éascú dóibh siúd le néaltrú. D’fhéadfadh gníomhartha go leor a bheith san áireamh leis sin, cosúil le cothú feasachta don néaltrú, daoine le néaltrú agus a dteaghlaigh agus cúramóirí a thabhairt isteach i ngníomhaíochtaí pobail, spásanna fisiciúla a chruthú ar a bhfuil rochtain ag cách, nó spásanna lasmuigh a fhorbairt ina spreagtar na céadfaí nó atá ina n-áiteanna maithe don mhachnamh faoin am atá thart.

Duais

Bronnfar duais €2,000 ar bhuaiteoir agus duais €500 ar an dara háit ar Choistí

Bailte Slachtmhara i mbaile mór/lárionad uirbeach.

Bronnfar duais €2,000 ar bhuaiteoir agus duais €500 ar an dara háit ar Choistí

Bailte Slachtmhara i sráidbhaile/baile beag.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil trí ríomhphost a chur chuig understandtogether@hse.ie

Dáta deiridh 8 Meitheamh 2026

Féach an Fhoirm Iontrála anseo

No. 17

Duais Speisialta ‘Dark Sky Ireland’

Duaischiste €3,000

Arna hurrú ag Dark Sky Ireland

Is í sprioc fhoriomlán na duaise ná aitheantas a thabhairt do ghníomhartha praiticiúla faoi stiúir an phobail chun truailliú solais a laghdú agus spéartha dorcha a chosaint. Is é cuspóir na duaise ná ceiliúradh a dhéanamh ar phobail a rinne obair, a d’ardaigh feasacht laistigh dá bpobail agus a d’oibrigh le chéile ar fud a bpobal agus le pobail eile chun réitigh a chomhchruthú lena gcosnaítear spéartha dorcha san oíche.

Tá an duais ina ceiliúradh ar thionscadail lena léirítear conas a bhfuil soilsiú freagrach lasmuigh in ann Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a chur chun cinn, mar a shainaithníonn Dark Sky Ireland (Eagraíocht Curaidh um Fhorbairt Inbhuanaithe 2025-2027) iad.

Ba mhaith linn go léireodh Coistí Bailte Slachtmhara na céimeanna atá glactha agaibh chun dul i ngleic le fadhb an truaillithe solais, conas a scaip sibh eolas faoi, agus conas a d’oibrigh sibh le chéile in bhur bpobal agus le daoine eile chun spéartha dorcha a chosaint.

Bronnfar duais fhoriomlán amháin €1,000 ar Choiste Bailte Slachtmhara as a thionchar agus as fiúntas a thionscadail.

Bronnfar dhá dhuais €750 ar dhá Choiste Bailte Slachtmhara freisin; ceann ó chatagóirí Baile Mór/Lárionad Uirbeach Mór agus ceann ó chatagóirí Sráidbhaile/Baile Beag.

Bronnfar dhá dhuais ‘ardmholta’ €250 freisin.

Ba cheart iarratais chomhlíonta a chur trí ríomhphost chuig competition@darksky.ie

Is féidir tuilleadh eolais a fháil trí ríomhphost a chur chuig: info@darksky.ie/www.darksky.ie

Dáta deiridh 8 Meitheamh 2026

Féach an Fhoirm Iontrála anseo