Note

For full functionality of this site it is necessary to enable JavaScript.
Here are the
instructions how to enable JavaScript in your web browser
.

Baile - Tidy Towns


Comórtas Bailte Slachtmhara SuperValu 2022 Seolta ag an Aire Heather Humphreys

Tá Comórtas Bailte Slachtmhara 2022 seolta inniu (7 Aibreán 2022) ag an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Heather Humphreys TD, i gcomhar le Stiúrthóir Bainistíochta SuperValu, an tUasal Ian Allen. Tá an comórtas ag dul ó neart go neart ó cuireadh tús leis i 1958. Déanann an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail é a riar agus tá sé urraithe ag SuperValu.

Ag labhairt di ag seoladh an chomórtais in Inis ar maidin, dúirt an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Heather Humphreys, T.D.:

“Is iontach an rud é a bheith anseo in Inis, an baile is slachtmhaire in Éirinn, chun Comórtas Bailte Slachtmhara 2022 a sheoladh. Dea-scéala atá ann go bhfuil an comórtas ar ais mar a bhí sé agus níl dabht ar bith faoi ach go bhfuil ríméad ar na mílte oibrí deonach ar fud na tíre an comórtas a fheiceáil faoi lán seoil arís.

“Tá an-neart léirithe ag grúpaí Bailte Slachtmhara le blianta beaga anuas agus lean siad orthu ag obair go dian chun cuma agus caoi a chur ar ár mbailte agus sráidbhailte agus ar an tír gan dabht, an uair is mó a bhí sin ag teastáil uainn.”

Lean an tAire Humphreys:

“Déanann mo Roinn gach iarracht tacú le pobail bhríomhara, ionchuimsitheacha agus inbhuanaithe ar fud na hÉireann, agus is bealach iontach é Bailte Slachtmhara chun páirt a ghlacadh i saol an phobail. Thabharfainn spreagadh do dhaoine idir óg agus aosta a bheith páirteach in bhur ngrúpaí Bailte Slachtmhara áitiúla. B’fhéidir go mbeadh ionadh ort faoin méid tairbhe a mbaineann tú féin as mar aon le do phobal.

“Tugann an ról a imríonn mo Roinn sa chomórtas seo an-sásamh dom agus muid ag tabhairt tacaíochta agus aitheantais d’obair pobal áitiúil.  Ba mhaith liom urraitheoir an chomórtais, SuperValu, a mholadh, as a dtacaíocht agus a ndíograis leanúnach agus gach a ndéanann siad le haird a tharraingt ar an gcomórtas. Tá urraíocht á déanamh ag SuperValu ar an gcomórtas le 31 bliain, trína líonra siopaí ar fud na tíre, tá cúnamh tugtha ag SuperValu an comórtas a bheith ar cheann de na tionscnaimh is mó aitheantais ó thaobh na hinbhuanaitheachta agus na timpeallacha in Éirinn.

Dúirt Ian Allen, Stiúrthóir Bainistíochta SuperValu ag an seoladh inniu:

“Is iontach an rud é comórtas Bailte Slachtmhara SuperValu a sheoladh agus níos fearr fós, é a dhéanamh i bpearsa i ndiaidh cúpla bliain dúshlánach do gach duine. Tá urraíocht á déanamh againn ar chomórtas Bailte Slachtmhara SuperValu le 31 bliain agus, tá an borradh agus an fás atá tagtha air le linn an ama sin tugtha faoi deara againn.

“Tá deis iontach ann i gcónaí leanúint leis an athrú atá ag teacht ar Bhailte Slachtmhara SuperValu, á chur ar ár gcumas a bheith páirteach agus daoine ar fud na tíre a chumhachtú d’fhonn pobail inbhuanaithe a chruthú, ag tabhairt aitheantais don luach a bhaineann lenár mbithéagsúlacht, agus ag teacht le chéile chun ár gcuid féin a dhéanamh sa fhreagairt i gcoinne athrú aeráide.

“Táimid ag súil le bheith ag obair le comhghleacaithe, cairde agus comharsana i bpobail ar fud na tíre chun é sin a thabhairt chun fíre agus spreagaimid daoine teagmháil a dhéanamh lena gcoiste áitiúil Bailte Slachtmhara SuperValu agus a bheith páirteach san obair mhór atá ar bun chun pobail níos inbhuanaithe a fhorbairt do chách.” 

Tá an comórtas seo ar siúl anois le breis is 70 bliain agus leanann an comórtas air ag mealladh iontrálaithe nua agus ag fás. Arís i mbliana, tá gradaim nua agus iontacha eile ag teacht chun cinn a bhfuil duaiseanna iontacha ag dul leo agus spreagtar gach grúpa smaoineamh ar chur isteach ar chuid de na gradaim sin. Áirítear sna gradaim duais do Chaomhnú Ialtóg, gradaim a bhfuil leagan amach nua orthu don ghníomhú ar son na haeráide agus caighdeán aeir chomh maith le leanúint arís leis an ngradam do Dhaoine Óga i mBailte Slachtmhara.

Dé hAoine an 20 Bealtaine 2022 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais ar chomórtas na bliana seo. Is ar ríomhphost chuig an seoladh seo amháin tidytowns@drcd.gov.ie a nglacfar le hiarratais. Déanfar foirmeacha iarratais do chomórtas Bailte Slachtmhara SuperValu a sheoladh ar ríomhphost ansin chuig gach grúpa cláraithe nó is féidir iad a fháil ó Aonad na mBailte Slachtmhara sa Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail (Fón: 01 773 6912) nó trí chuairt a thabhairt ar www.tidytowns.iewww.supervalu.ie.



Bailte Slachtmhara 2019 – An tEolas is Déanaí




Ár nUrraitheoirí

Ceann de na tréimhsí urraíochta is faide in Éirinn agus is cúis mhór bróid dúinn bheith gaolta leis.




Nuacht


Cliceáil anseo chun na scéalta is déanaí a léamh ó SuperValu Slachtmhara Baile.




Bailiúchán grianghraif ó na blianta atá imithe. Tóg turas síos lána cuimhne!



Físeán Upcycling


Tá roinnt físeáin ullmhaithe ag SuperValu chun tú a spreagadh chun a ndúshlán a chothú!