Supervalu & Bailte Slachtmhara

Fáilte go suíomh gréasáin Bailte Slachtmhara. 

Aimseoidh tú anseo eolas faoi chomórtas Bailte Slachtmhara SuperValu, conas cur isteach air, agus conas a dhéantar moltóireacht air. Gheobhaidh tú sonraí freisin faoi conas do ghrúpa Bailte Slachtmhara a chur ar bun agus faoin mhaoiniú roinne atá ar fáil d’iontrálaithe an chomórtais.

Is le bród atá SuperValu ag urrú chomórtas Bailte Slachtmhara SuperValu le breis is 35 bliana anuas, a fhágann gur ceann de na hurraíochtaí is seanbhunaithe sa tír é. Ag SuperValu, creideann muidne gur fearr atá pobail nuair a oibríonn muid ar fad le chéile. Tá an comórtas anois ar cheann de na tionscnaimh inbhuanaitheachta is tábhachtaí in Éirinn, ó thaobh comhshaoil agus pobail araon. Tá rún daingean ag Bailte Slachtmhara SuperValu cumhacht agus tacaíocht a thabhairt do phobail ó thaobh inbhuanaitheachta, bithéagsúlachta, athrú aeráide agus ionchuimsithe.

Tá an comórtas á riar ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta. Is é an tAire Dara Calleary, TD, ár nAire faoi láthair. Tá Aonad Bailte Slachtmhara na Roinne freagrach as riar an chomórtais. Is aonad beag ach dúthrachtach muid, agus rún daingean againn cinntiú go dtagann an comórtas faoi bhláth.

Ná bíodh aon drogall oraibh grianghraif agus eolas faoi bhur dtionscadail a sheoladh chugainn – is aoibhinn linn cloisteáil faoi bhur dtionscnaimh iontacha Bailte Slachtmhara.

Tá muid ag súil go mór le buaileadh libh ag ár searmanais gradam agus ár n-imeachtaí i rith na bliana.