An Stair

In 1958 mar chuid den ‘Tostal’, féile a bhí ar siúl ar fud na tíre agus a rinne ceiliúradh ar gach ní a bhain le hÉirinn, sheol Bord Fáilte Éireann (Fáilte Ireland anois) tionscnamh náisiúnta na mBailte Slachtmhara. Céim in airde ón bhFeachtas Glantacháin Náisiúnta Earraigh bunaidh a bhí ar siúl idir 1953 agus 1957,  d’fhorbair tionscnamh na mBailte Slachtmhara a aitheantas féin go tapaidh agus tá sé anois ar cheann de na tionscnaimh comhshaoil áitiúla is fearr á bhfuil aithne air agus is coitianta in Éirinn.

Ón tús, ba é príomhfhócas na mBailte Slachtmhara pobail a spreagadh lena dtimpeallacht áitiúil a fheabhsú agus áit níos fearr le maireachtáil, le cónaí nó le cuairt a thabhairt air, a dhéanamh dá gceantar féin.  Bhí gné an chomórtais ina mír thábhachtach le hiomaíocht chairdiúil a fhorbairt a chuideodh le caighdeáin a threisiú ar fud na tíre, agus ba iad na Gleannta i nDún na nGall, atá sa phictiúr thuas, a bhuaigh an chéad chomórtas a reáchtáladh in 1958. Ba ar pháirt a ghlacadh, áfach, agus ní ar bhuachan a bhí an bhéim i gcónaí mar go rachadh fiú páirt a ghlacadh sa chomórtas chun leasa an phobail.  Agus le fócas ar thorthaí fadtéarmacha seachas torthaí tapaidh, is gearr go bhfacthas na Bailte Slachmhara mar thionscnamh sainiúil, fadbhreathnaitheach.

Cé nár chuir ach 52 baile isteach ar an gcomórtas an chéad bhliain, is gearr go raibh tóir mhór ar na Bailte Slachtmhara le meán de 700 iontrálaí in aghaidh na bliana.  D’eascair cuid mhaith tionscnamh eile as chomh maith agus a d’éirigh leis freisin ag leibhéal náisiúnta, ag leibhéal contae agus ag leibhéal áitiúil, rud a chuir go mór lena chlú agus lena thionchar.  Ní féidir líon na ndaoine a raibh baint éigin acu leis na Bailte Slachmhara a mheas go cruinn, ach is féidir a rá go bhfuil na céadta míle duine i gceist, agus ní féidir an tionchar a bhí aige ar tírdhreach na hÉireann a athrú a shéanadh.

I ndiaidh athstruchtúrú Bhord Fáilte in 1995, ghlac an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil freagracht na mBailte Slachtmhara agus eagraíonn an Roinn an tionscnamh anois le tacaíocht an urraitheora náisiúnta SuperValu agus roinnt gníomhaireachtaí eile.  Leanann a rathúlacht, agus cé gur athraigh sé de réir mar a d’athraigh an saol, coinníonn sé chroíphrionsabal a bhunaitheoirí –  “déan ceantar níos fearr de do cheantar féin”.

Le tuilleadh eolais a fháil ar stair na mBailte Slachtmhara déan cinnte go seiceálfaidh tú  ár gcartlann leathan ar líne faoin roinn seo.  Áirítear leis seo sraith iomlán tuarascálacha scríofa maidir le gach rannpháirtí ó 1996, cartlann fótagrafach iomlán de na bailte a bhuaigh le híoslódáil trí próiseas clárúcháin gearr, foilseacháin  sainspéise ar na Bailte Slachtmhara thar na blianta, naisc  físeán agus clostrealamh chuig cláir Teilifíse agus raidió a thaispeánann na Bailte Slachtmhara agus liosta iomlán de na buaiteoirí foriomlána.  Tiocfaidh méid ar an roinn seo de réir mar a bhailímid tuilleadh míreanna maidir le stair shaibhir na mBailte Slachtmhara san am a caitheadh, mar sin déan cinnte le do thoil go dtugann tú cuairt ar an láithreán gréasáin ó am go ham.