Foirmeacha Iontrála

Fáilte go dtí Comórtas Bailte Slachtmhara SuperValu 2026

Sa chuid seo, gheobhaidh tú eolas ar conas dul isteach sa príomhchomórtas chomh maith le Duaiseanna Speisialta na bliana seo.


Foirmeacha Iontrála Chomórtas Bailte Slachtmhara SuperValu 2026:



Conas a chuirtear foirm iarratais isteach?

  • Íoslódáil an fhoirm iontrála 2026 ó www.tidytowns.ie      .
  • Sábháil agus comhlánaigh i ndoiciméad Microsoft Word nó i bhformáid PDF amháin.
  • Téigh chuig competition.tidytowns.ie, cliceáil ar chlárú d’iontráil do 2026, cuir isteach sonraí do ghrúpa agus uaslódáil d’fhoirm chomhlánaithe agus léarscáil.
  • Nuair a bheidh d’iontráil cláraithe, feicfear teachtaireacht ar do scáileán ag deimhniú do chlárúcháin. Déanfar liosta d’iontrálacha cláraithe a nuashonrú go laethúil – competition.tidytowns.ie

Tabhair faoi deara le do thoil:

  • Ní mór léarscáil shoiléir a chur san áireamh leis an bhfoirm iontrála comhlánaithe. Féadfar grianghraif a chur ar fáil leis an bhfoirm freisin chun cabhrú le móltóirí na mBailte Slachtmhara ina measúnú.
  • Spreagtar gach rannpháirtí plean straitéiseach ilbhliantúil a ullmhú chun a ngníomhaíochtaí a threorú. D’fhéadfaí é seo a sheoladh ar aghaidh leis an bhfoirm iarratais nuair a bheidh sé ar fáil. Ní riachtanas iontrála é, áfach.

Foilsítear leabhrán eolais gach bliain tar éis sheoladh an chomórtais – molaimid go láidir do ghrúpaí é seo a léamh go cúramach agus iad ag dul isteach sa chomórtas.

Ceisteanna Coitianta

C: Cén fáth ar athraíodh an próiseas iarratais Bailte Slachtmhara?

F: Thug muid an tairseach iontrála ar líne isteach chun go mbeadh sé níos fusa agus níos sláine do ghrúpaí iarratais a chur isteach. De bharr na tairsí, laghdófar líon na ríomhphost a fhaightear, ní rachaidh faisnéis ar iarraidh agus beidh tú in ann stádas d’iarratais a leanúint.

C: Conas a chláraím m’iontráil?

F: Téigh go  competition.tidytowns.ie, cliceáil ar Chláraigh d’Iontráil 2026, cuir isteach sonraí do ghrúpa agus uaslódáil d’fhoirm chomhlíonta agus do léarscáil.

C: An bhfuil orm m’fhoirm iontrála a chur isteach trí ríomhphost?

F: Níl. Ní mór na foirmeacha iontrála agus doiciméid tacaíochta go léir a chur isteach tríd an tairseach ar líne.

C: An mbeidh a’ fhios agam gur éirigh liom m’fhoirm iontrála a chur isteach?

F: Beidh – Nuair atá d’fhoirm iontrála curtha isteach agat, taispeánfar teachtaireacht deimhnithe ar an scáileán le huimhir thagartha chlárúcháin uathúil.

C: An féidir liom níos mó ná doiciméad amháin a chur isteach?

F: Sea, is féidir leat foirm iontrála amháin agus 7 ndoiciméad tacaíochta a chur isteach

  • Doiciméad foirme iontrála amháin (uasmhéid: 20 MB)
  • 7 nDoiciméad Tacaíochta ar a mhéad (le huasmhéid 6 MB ag gach ceann acu)

C: An féidir liom doiciméid a uaslódáil i bhformáid PDF & Word?

F: Sea, ach laghdaítear méid an doiciméid má uaslódáiltear i bhformáid PDF é.

C: An féidir liom grianghraif a uaslódáil?

F: Sea, mar sin féin mholfadh muid duit grianghraif a chur i ndoiciméad Word/PDF agus a uaslódáil mar chomhad amháin.

C: Cad ba cheart dom a dhéanamh mura bhfuil an tairseach ag obair?

F: Athnuaigh an leathanach, glan taisce do bhrabhsálaí, nó bain úsáid as brabhsálaí eile. Mura réitítear an fhadhb, déan teagmháil linn trí ríomhphost TidyTowns@drcdg.gov.ie nó trí ghuthán 01 773 6988.

C: An bhfuil orm faisnéis ar bith a chur isteach sula n-uaslódálaim an fhoirm iontrála agus na doiciméid?

F: Tá, ar leathanach 2 beidh ort an fhaisnéis thíos a chur isteach:

  • Ainm an bhaile:
  •  Catagóir na Duaise – (Catagóir dhaonra)
  • Ainm na hEagraíochta:
  • Ainm an Teagmhálaí
  • Seoladh – Éirchód san áireamh
  • Uimhir Ghutháin
  • Seoladh Ríomhphoist
  • Leasainm ar mheáin shóisialta (roghnach)

Ar leathanach 3 beidh tú in ann do dhoiciméid iontrála a uaslódáil

C: Cé a dhéanfaidh mé teagmháil leo má tá cuidiú de dhíth orm le m’iarratas?

F: Má tá deacrachtaí teicniúla agat nó má tá ceisteanna ar bith agat maidir leis an phróiseas iarratais, déan teagmháil leis an Aonad Bailte Slachtmhara trí ríomhphost TidyTowns@drcdg.gov.ie nó guthán 01 773 6988

C: Ar cheart dom dul i dteagmháil leis an Aonad Bailte Slachtmhara le cinntiú go bhfuair siad m’iarratas?

F: Nuair atá d’fhoirm iontrála curtha isteach agat, taispeánfar teachtaireacht deimhnithe ar an scáileán le huimhir thagartha chlárúcháin uathúil. Is féidir leat breathnú ar liosta na n-iontrálacha cláraithe, a uasdátófar go rialta, freisin – competition.tidytowns.ie

Acmhainní

Léarscáileanna & Graif

Nuachtlitreacha

Ceisteanna Coitianta

Lámhleabhar

Físeáin & Seimineáir Ghréasáin