Maoiniú
Maoiniú do na Bailte Slachtmhara
Ó 2017 i leith, chuir an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta beagnach €14 milliún i maoiniú deontais ar fáil do ghrúpaí na mBailte Slachtmhara ar fud na tíre. Sa bhliain 2027, riarfaidh Aonad TidyTowns na Roinne an deontas.
Sa bhliain 2026, fógraíodh €1.5 mhilliún i maoiniú do 993 grúpa incháilithe na mBailte Slachtmhara. Cuireadh an maoiniú seo ar fáil chun cabhrú le grúpaí lena n-iarratas ar an gcomórtas nó chun tionscadail a bhfuil toradh inbhuanaitheachta/dírithe ar an aeráid acu a mhaoiniú.
Molaimid do ghrúpaí breathnú ar thionscadail dá spásanna glasa agus dá bpáirceanna, agus tionscadail atá íogair dár mbithéagsúlacht agus a chuireann maireachtáil inbhuanaithe chun cinn. Tá grúpaí na mBailte Slachtmhara chun tosaigh maidir le móinéir bláthanna fiáine, plandáil nach ndéanann dochar do phailneoirí agus tionscnaimh a fhorbairt chun tacú lenár bhfiadhúlra.
Cé ar cheart iarratas a dhéanamh ar dheontas do na Bailte Slachtmhara?
Is iad na grúpaí atá incháilithe don deontas seo na grúpaí sin a ghlac páirt i gcomórtas Bhailte Slachtmhara SuperValu le 3 bliana anuas m.sh 2024, 2025 & 2026.
Déanfaidh an tAonad TidyTowns teagmháil le grúpaí incháilithe chun tuilleadh eolais a thabhairt dóibh maidir leis an gcaoi le hiarratas a dhéanamh ar mhaoiniú deontais do 2027.
Is féidir ceisteanna a chur ar aghaidh chuig TidyTowns@drcdg.gov.ie

