Bailte Slachtmhara 2019 – An tEolas is Déanaí

Bliain iontach eile a bhí in 2019 do Bhailte Slachtmhara agus breis agus 900 iarratas déanta ar an gcomórtas – an líon is mó riamh. Léiriú a bhíonn san imeacht seo ar gach rud atá iontach faoi spiorad an phobail in Éirinn. Tá an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail, in éineacht lenár gcomhpháirtithe, mórtasach as a bheith páirteach ann.

Ar an drochuair, bhí líon an-bheag iarratas ar an gcomórtas i mbliana nach bhfuair an Roinn agus dá bharr sin, níor cuireadh san áireamh iad le linn an phróisis moltóireachta. Tá teagmháil déanta ag foireann na mBailte Slachtmhara leis na grúpaí sin agus tá sé socruithe moltóireacht a dhéanamh ar na bailte sin sna seachtainí amach romhainn. Cinnteoidh sin nach mbeidh na bailte sin faoi mhíbhuntáiste le hais iarratas eile.  Déanfar Leabhrán oifigiúil na dTorthaí do chomórtas 2019 a thabhairt cothrom le dáta agus déanfar aon ghradaim a d’fhéadfadh a bheith le bronnadh mar thoradh ar na moltóireachtaí sin a bhronnadh ag na gradaim réigiúnacha níos déanaí sa bhliain.

Cé go bhfuil an chosúlacht air nach mbaineann na fadhbanna a tháinig chun cinn ach leis na grúpaí atá aitheanta cheana féin, is féidir le haon eagraíocht a bhfuil imní uirthi faoin iarratas a rinneadh in 2019 teagmháil a dhéanamh le foireann na mBailte Slachtmhara trí cheann ar bith de na bealaí atá liostaithe thíos.

Leanfaidh an Roinn d’athbhreithniú a dhéanamh ar a cuid próiseas lena chinntiú go mbeifear in ann an caighdeán is airde seirbhíse a chur ar fáil do Choistí Bailte Slachtmhara ar fud na tíre.  Má tá aon mholtaí agat faoi mar is féidir linn an próiseas a fheabhsú, ba bhreá linn cloisteáil uait.

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn trí cheann ar bith de na pointí teagmhála thíos.

Táimid ag súil go mór sibh a fheiceáil ag imeachtaí na ngradam réigiúnach sna míonna atá le teacht agus a bheith i mbun oibre libh ar fad arís in 2020.

 

Foireann na mBailte Slachtmhara

An Roinn Forbartha Tuaithe & Pobail

 

Mionsonraí teagmhála

Fón:076 100 6938

Ríomhphost: TidyTowns@drcd.gov.ie

Seoladh Poist: Bailte Slachtmhara, Oifigí an Rialtais, Béal an Átha, Co. Mhaigh Eo, F26 E8N6

IS É GLASLOCH AN BAILE IS SLACHTMHARA IN ÉIRINN DON BHLIAIN 2019

 

€1.4 milliúin curtha ar fáil ag an Aire Ring chun tacú leis an obair a dhéanann grúpaí Bailte Slachtmhara 

918 bpobal a chuir isteach ar an gcomórtas i mbliana, an líon is mó riamh

Ainmníodh Glasloch, Co. Mhuineacháin inniu (An Luan, an 30 Meán Fómhair) mar an Baile is Slachtmhara in Éirinn don bhliain 2019. Tá Comórtas na mBailte Slachtmhara á reáchtáil le breis is seasca bliain agus cinneadh gurb é Glasloch an baile is fearr ón 918 mbaile a chuir isteach ar an gcomórtas i mbliana, an líon is mó riamh. Bhí ceiliúradh mór ann nuair a fógraíodh an buaiteoir ag searmanas na ngradam inniu sa Helix i mBaile Átha Cliath.

Bhí na daoine seo a leanas i láthair chun na gradaim a bhronnadh: Michael Ring, T.D., An tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Martin Kelleher, Stiúrthóir Bainistíochta SuperValu, urraitheoir an chomórtais don 28ú bliain. Bhí an Helix lán go doras le hionadaithe ó ghrúpaí Bailte Slachtmhara ó ar fud na tíre, agus iad ar bís go bhfógrófaí na buaiteoirí.

Bronnadh gradam freisin ar Ghlasloch, Co. Mhuineacháin don Bhaile is Slachtmhara in Éirinn.  I measc na mbuaiteoirí eile bhí Na Creagacha Dubha, Co, Lú a fuair an gradam don Bhaile Beag is Slachtmhara in Éirinn.  Bronnadh gradam ar Cathair na Mart, Co. Maigh Eo don Bhaile Mór is Slachtmhara in Éirinn, agus fógraíodh gurb é Inis Co. Clár an Baile Mór Uirbeach is Slachtmhara in Éirinn.

Tar éis shearmanas na ngradam, dúirt an tAire Ring:

“Éacht mór atá anseo do Glasloch agus tá an gradam tuillte go maith acu. Tá Glasloch, a chuir isteach ar chomórtas Bailte Slachtmhara SuperValu den chéad uair in 1966, thar a bheith díograiseach agus bródúil as a mbaile. Éiríonn leo ard-chaighdeán a bhaint amach go seasta sa chomórtas ag leibhéal áitiúil, réigiúnach agus Eorpach. Inniu, tá an toradh ar an dúthracht agus ar an díograis sin le feiceáil agus an príomh-ghradam bainte amach acu. Is é seo an dara huair a bhfuil an gradam buaite ag Glasloch don Bhaile is Slachtmhara in Éirinn, éacht den scoth a léiríonn go bhfuil dúthracht agus díograis choistí na mBailte Slachtmhara láidir i gcónaí.

Teastaíonn uaim tréaslú le Glasloch agus leis na buaiteoirí eile ar fad a fuair gradaim agus na gradaim sin tuillte go maith acu, a fógraíodh inniu. Mar thoradh ar an obair ar fad a dhéanann siad do chomórtas na mBailte Slachtmhara, tá bailte móra agus bailte beaga tarraingteacha agus fáilteacha, agus a théann chun tairbhe dúinn ar fud na tíre. Is mar gheall ar an díograis agus ar an mbród sin a bhfuil ár gcuid bailte móra agus bailte beaga tarraingteach agus fáilteach do chuairteoirí, agus cruthaíonn siad ‘ómós áite’ do na daoine atá ina gcónaí iontu, a bhíonn ag obair iontu agus a thógann clann ann. Sin é an fáth a bhfuil rath leanúnach ar an gcomórtas seo le breis is 60 bliain.

D’fhógair an tAire freisin sciar speisialta airgid €1.4 milliúin chun tacú le hobair Choistí aonair na mBailte Slachtmhara ar fud na tíre chun cabhrú leo ina gcuid iarrachtaí leanúnacha a gcuid bailte móra agus bailte beaga a fheabhsú. Is í seo an tríú bliain as a chéile a bhfuil an maoiniú seo chun tacú le hobair Choistí na mBailte Slachtmhara fógartha ag an Aire.

Dúirt an tAire:

“Tá lúcháir orm gur féidir liom a fhógairt go bhfuil €1.4 milliúin á chur ar fáil agam chun tacú go díreach le coistí na mBailte Slachtmhara a oibríonn gan sos gan scíth chun slacht mhór a chur ar a gcuid bailte móra agus a gcuid bailte beaga. Ba cheart go rachadh an infheistíocht seo chun tairbhe na mbailte móra agus na mbailte beaga ar fad a bhíonn páirteach sa chomórtas ar fud na tíre. Aon áit a mbíonn coistí gníomhacha na mBailte Slachtmhara ann, ardaíonn sé bród agus rannpháirtíocht, agus cruthaíonn sé atmaisféar iontach do chónaitheoirí agus do chuairteoirí araon.”

Ghabh an tAire buíochas freisin le SuperValu, urraitheoir an chomórtais. Dúirt sé an méid seo a leanas:

“Ba mhaith liom moladh mór a thabhairt do SuperValu, atá ag déanamh urraíochta ar an gcomórtas le 28 mbliana anuas agus atá fós ag obair linn chun an comórtas a fhorbairt. Tá sé ag dul ó neart go neart gach bliain le tuilleadh rannpháirtíochta, ardú ar líon na ngradam agus ardú suntasach ar iarrachtaí na bpobal a bhíonn i gceist.

“Tá tacaíocht iontach tugtha ag SuperValu don chomórtas, ní hamháin tríd urraíocht airgid ach freisin tríd an tacaíocht a chuireann siad ar fáil do ghrúpaí áitiúla na mBailte Slachtmhara trína ngréasán de mhiondíoltóirí áitiúla.”

Dúirt Martin Kelleher, Stiúrthóir Bainistíochta SuperValu an méid seo a leanas:

“Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le Glasloch as a bheith ainmnithe mar an Baile is Slachtmhara in Éirinn don bhliain 2019. Is éacht suntasach amach is amach é agus léiríonn sé an díograis, an dúthracht agus an paisean atá ag coiste Bailte Slachtmhara SuperValu Glasloch.

“Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh chomh maith le buaiteoirí na gcatagóirí a rinne iarracht shármhaith chun a gcuid pobal a fheabhsú mar áit chun cónaí iontu agus chun dul ag obair iontu. Tá chomh mórtasach is atá sibh as an áit ina bhfuil sibh in bhur gcónaí le feiceáil go soiléir i ngach gné atá déanta agaibh chun an caighdeán ard seo a bhaint amach.

“Ón am ar thosaigh SuperValu ag déanamh urraíochta ar Chomórtas na mBailte Slachtmhara ag tarraingt ar 30 bliain ó shin, tá fás seasta tagtha ar an gcomórtas ón mbunaidhm a bhí leis ar dtús go mbeadh bailte móra agus beaga na tíre deas glan agus néata, go dtí an lá atá inniu ann, áit a bhfuil sé ar an tionscnamh inmharthanachta is mó in Éirinn.

“Bliain shuntasach eile a bhí sa bhliain 2019 do chomórtas Bailte Slachtmhara SuperValu. De réir shluán an chomórtais, ‘Ag Tabhairt Aire don Timpeallacht’, daingníonn sé ar an gcomhthiomantas atá againn tionchar dearfach a imirt ar an  gcomharsanacht. Spreag sé na mílte daoine deonacha diongbháilte i mbliana agus 918 de choistí na mBailte Slachtmhara, an líon is mó riamh, chun réimse leathan tograí éachtacha a chur i gcrích ar fud na tíre.

“Tá an mian seo ag SuperValu freisin chun pobail inmharthana a bhunú agus tá comórtas na mBailte Slachtmhara ar cheann de na bealaí is fearr chun sin a bhaint amach. Tá lúcháir orainn a bheith bainteach leis an gcomórtas le 28 mbliana anuas agus tá muid ag súil leis an lá go mbeidh 1,000 coiste Bailte Slachtmhara SuperValu ann.”

Eagraíonn an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail comórtas Bailte Slachtmhara SuperValu agus is é SuperValu, atá ag tacú leis an gcomórtas ó 1992, a dhéanann urraíocht ar an gcomórtas.