An Spiorad

Ba é an Comórtas Náisiúnta a bhí mar chnámh droma ag na Bailte Slachtmhara i gcónaí,  ach téann spiorad na mBailte Slachtmhara i bhfad níos doimhne ná sin i sochaí na hÉireann.  Tá cuid mhaith daoine sa lá atá inniu ann nach bhfuil fiú ar an eolas go raibh na Bailte Slachtmhara ceangailte ar dtús le haon chomórtas amháin a bhí á eagrú ag Bord Fáilte, Bord Fáilte Éireann, ar feadh 37 bliana, agus gurb í an Roinn Comhsaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil atá á eagrú anois.

Tá roinnt mhaith cúiseanna leis seo, ach ba é an facthóir ollmhór ná an bealach ar éirigh leis an gComórtas Náisiúnta ó na 1950aí ar aghaidh roinnt comhlachtaí eile a spreagadh, go sonrach údaráis áitiúla agus na pobail iad féin, lena gcuid tionscnaimh féin a eagrú faoi bhratach na mBailte Slachtmhara agus ar an mbealach sin an dea-scéala scaipeadh i gcéin agus i gcóngar.  Bhí rannpháirtíocht ag na céadta míle duine i dtionscnaimh den uile-chinéal na mBailte Slachtmhara  le caoga bliain anuas, gach aon cheann acu sin lena dtaithí agus lena scéal féin ar aon dul leo siúd a ghlac páirt sa tionscnamh náisiúnta. Tá curtha go mór ag an méid atá deánta acu le tionscnamh na mBailte Slachtmhara a bheith mar an ghluaiseacht náisiúnta atá ann inniu.

Tá cuid mhaith de na tionscnaimh áitiúla sin láidir i gcónaí, cuid acu le teidil nua agus le fócas difriúil, ach tá a rathúlacht leanúnach ina mheabhrúchán leanúnach go gciallaíonn na Bailte Slachtmhara i bhfad níos mó na comórtas náisiúnta sa lá atá inniu ann. Is spiorad é atá beo agus bríomhar sna tionscnaimh seo ar fad agus iontu siúd a bhíonn rannpháirteach iontu, chomh maith leis na céadta daoine aonair agus le heagraíochtaí a dhéanann gníomh éigin gach lá, bíodh sé beag nó mór, chun cuidiú lena dtimpeallacht áitiúil a fheabhsú, agus le háiteanna níos fearr le maireachtáil, le hoibriú agus le cuairt a thabhairt orthu a dhéanamh dá bpobail.

Cé go molaimid gur iontráil sa chomórtas náisiúnta an bealach is fearr le hiarracht an phobail a chomdhlúthú agus le tacaíocht níos leithne a fháil, baineann fealsúnacht agus creat oibre na mBailte Slachtmhara le haon duine gur mian leis/léi leanúint dá spiorad ina mbealach féin. Mar shampla, léiríonn baill ó ghrúpa Bhailte Slachtmhara Chuas an Ghainimh atá sa phictiúr thuas an spiorad seo trína rannpháirtíocht i bhfeachtas Clean Coasts An Taisce. Len feiceáil conas a d’fhéadfadh na Bailte Slachtmhara cuidiú leatsa i do chuid gníomhaíochtaí, seiceáil amach na hábhair éagsúla atá leagtha amach sa roinn seo nó déan teagmháil le haonad na mBailte Slachtmhara le cóip saor in aisce a fháil de Lámhleabhar na mBailte Slachtmhara.