Cé á fhéadfaidh iontráil?

Tá na Bailte Slachtmhara oscailte do gach ceantar, bíodh siad beag nó mór, bíodh siad uirbeach nó faoin tuath, agus iontráiltear gach ceann acu faoi na gcatagóirí daonra féin faoi seach ag réimsiú ón gcatagóir is lú, Catagóir A – le daonra faoi 200, go dtí an catagóir is mó, Catagoir H – le daonra de 25,001 agus os a chionn. Tá an iontráil saor is aisce beag beann ar mhéid an cheantair.

Is ‘ambasadóirí’ iad na hiontrálaithe dá gceantair sna Bailte Slachtmhara agus dá bhrí sin is iad na príomhtheagmhálaithe iad i ndáil le comhfhreagras, cuirí, gradaim, srl.  Mar sin, go hidéalach ba chóir gur grúpa ar bhonn leathan a dhéanfaidh ionadaíocht thar ceann gach earnáil sa phobal a d’iontráladh.

Ní bheifear ag súil, áfach, go mbeidh na struchtúir sin ann roimh iontráil.  Glacfar le hiontráil ó chomhlacht  inchreidte, ar nós Údarás Áitiúil, Gníomhaireacht Fhorbartha, Grúpa Áitritheoirí nó ó Ghnó Áitiúil, atá ag feidhmiú ar an talamh leis an ceantar a fheabhsú.  Mar sin féin, i ngach cás, beifear ag súil go mbainfear úsáid as an rannpháirtíocht le spéis níos leithne in iarracht na mBailte Slachtmhara laistigh den phobal a ghiniúint agus go bhfuil cuspóir shoiléir ann leis na struchtúir iomchuí a chur i bhfeidhm chomh luath agus is féidir. Is páirt mhór de chritéir mheasúnaithe na mBailte Slachtmhara an dul chun cinn maidir le páirt pobail níos leithne a spreagadh.

Níl de dhoiciméid riachtanach chun a bheith rannpháirteach ach foirm iontrála chomhlánaithe a sheoladh ar aghaidh chuig Aonad na mBailte Slachtmhara na Roinne Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil, ar ríomhphost, ar líne nó sa chlúdach litreach saorphoist atá curtha ar fáil le pacáiste na mBailte Slachtmhara.  D’fhéadfaí eolas breise a sheoladh leis an bhfoirm le cuidiú le moltóirí na mBailte Slachtmhara ina gcuid measúnú ar an gceantar atá rannpháirteach.

Cé nach bhfuil sé ina choinníoll iontrála, spreagtar na rannpháirtithe ar fad le plean straitéiseach ilbhliantúil a ullmhú lena gcuid gníomhaíochtaí a threorú. D’fhéadfaí é seo a sheoladh ar aghaidh leis an bhfoirm iontrála nuair a bhíonn sé ar fáil.

Cuirtear Téarmaí Tagartha mionsonraithe ar fáil leis an fhoirm iontrála gach bliain. Áirítear é seo i bpacáiste na mBailte Slachtmhara a bhíonn ar fáil go hiondúil ó lár mhí Márta gach bliain. Go hiondúil is í an dara seachtain de mhí Bealtaine an dáta deiridh le foirmeacha a bheith faighte.