A Chairde,

Tá sé de phléisiúr agam scríobh chugaibh agus muid ag seoladh chomórtas bliantúil Bhailte Slachtmhara SuperValu. Bhí an tionscnamh iontach Rialtais seo, i gcomhpháirt lenár n-urraitheoirí Supervalu, 60 bliain ar an bhfód anuraidh agus táimid ag tnúth le bliain iontach eile agus muid ag tabhairt aghaidh ar an gcéad deich mbliana eile den chomórtas.

Bhí an-áthas orm a bheith in ann maoiniú €1.4 Milliún a chur ar fáil chun cuidiú le coistí Bailte Slachtmhara ar fud na tíre chun iad féin a ullmhú i gcomhair chomórtas 2019. Cuireadh maoiniú idir €1,000 agus €4,000 ar fáil do choistí. Is maoiniú é seo a cuireadh ar fáil sa bhreis ar mhaoiniú den tsuim chéanna a fógraíodh in 2017 d’fhonn aitheantas a thabhairt don obair a chuireann sibhse, na hoibrithe deonacha, isteach gach uile bhliain chun ullmhú do chomórtas Bhailte Slachtmhara SuperValu.

Sa bhliain 1958 a sheol Bord Fáilte comórtas Bailte Slachtmhara SuperValu ar
dtús. Is ó fhéile náisiúnta glantacháin earraigh darbh ainm An Tóstal a d’eascair an
comórtas. Fuarthas 52 iontráil ar an gcomórtas i 1958. Ba é éiteas an chomórtais
ag an am rannpháirtíocht saoránach a spreagadh chomh maith le mórtas dúiche. Tá
athrú tagtha ar an gcomórtas le seasca bliain de réir mar atá athrú ag teacht ar chultúr
na tíre ach tá na caighdeáin agus na mianta céanna ag baint leis an gcomórtas i gcónaí ó thaobh feabhas a chur
ar an dúiche, mórtas an phobail a spreagadh agus an tírdhreach agus an oidhreacht a chosaint d’fhonn iad fhágáil ag na glúnta atá le teacht. Tá obair na gcoistí le moladh maidir le dul i ngleic le fadhbanna ar nós athrú aeráide agus iompar daoine a athrú i leith fadhbanna mar bhruscar. Tá baint ag gníomhaíochtaí na gcoistí Bailte Slachtmhara freisin leis go bhfuil feasacht níos airde ann maidir leis an dúlra agus an bhithéagsúlacht timpeall orainn.

Tá an tsuim atá i gComórtas Bailte Slachtmhara SuperValu ag méadú gach bliain. Óna thús, tá an comórtas ag fás bliain i ndiaidh bliana. Le linn na bliana comórtha 60 bliain in 2018, fuaireamar 883 iontrálaithe, an líon is mó riamh, ó fud fad na 26 chontae. Bíonn caighdeán agus cáilíocht na n-iontrálacha ag ardú gach uile bhliain agus leanann na coistí dúthrachtacha d’iontas a chur orainn le smaointe agus tionscadail nua agus nuálacha. Tugann sé misneach dom go bhfuil na coistí Bailte Slachtmhara fós ag iarraidh sprid na hionchuimsitheachta a spreagadh sa phobal, trí uchtach a thabhairt do dhaoine idir óg agus sean a bheith rannpháirteach agus fáilte a chur rompu agus a léiriú go bhfuilimid ar fad in ann cúnamh, beag nó mór, a thabhairt.

Is léiriú é ar thiomantas ár bpríomh-urraitheora don chomórtas, SuperValu, go bhfuil siad ag tabhairt urraíocht le 28 mbliana. Oibríonn siad go dlúth le mo Roinn chun a chinntiú go rachaidh an comórtas ó neart go neart. Imríonn siad ról lárnach i TidyTowns, an comórtas a cothaitheach agus a forbairt, ní hamháin go dtugann siad tacaíocht airgid do, ach tugann siad tacaíocht áitiúil do ghrúpaí TidyTowns chomh maith, trí a líonra miondíoltóirí, 219 acu ar fud na tíre. Ba mhaith liom mo bhuíochas ó chroí a chur in iúl do Martin Kelleher, Stiúrthóir Bainistíochta SuperValu, agus dá fhoireann as a ndíograis agus a bhfuinneamh i leith an chomórtais agus as an gcúnamh leanúnach a thugann siad chun Comórtas Bailte Slachtmhara SuperValu a chur chun cinn, a fhorbairt agus a fhás.

Arís i mbliana, chomh maith leis an bpríomhchomórtas, tá roinnt Gradam Speisialta i gcatagóirí éagsúla a fhéadfar cur isteach orthu. Is gnéithe breise iad na gradaim speisialta de Chomórtas Bailte Slachtmhara SuperValu ach is gnéithe tábhachtacha iad. Beidh baint ag cuid mhaith den obair a dhéanann tú cheana féin le go leor de na gradaim seo agus mar sin, mholfainn do gach iontrálaí ar an bpríomhchomórtas smaoineamh cur isteach ar roinnt de na catagóirí Gradaim Speisialta nó iad ar fad. Tá roinnt gradam nua ann i mbliana agus tá roinnt athruithe déanta ar ghradaim a bhí ann agus a bhféadfadh spéis a bheith ag do choiste iontu. Tá mionsonraí faoi na Gradaim Speisialta go léir le fáil ar d’fhoirm iarratais nó ar www.TidyTowns.ie.

Ar deireadh, ba mhaith liom buíochas a ghlacadh le SuperValu agus le hurraitheoirí ar fad na nGradam Speisialta, lenár moltóirí agus libhse ar fad ach go háirithe, na hoibrithe deonacha, a oibríonn le díograis mhór agus le grá do bhur mbailte agus sráidbhailte chun iad a chur i láthair ar an dóigh is fearr agus is féidir don chomórtas. Tá comórtas Bailte Slachtmhara SuperValu sa saol agus sa phobal againn le seasca bliain agus is é mian mo chroí go n-éireoidh leis i gcónaí agus go leanfaidh sé ag fás sa seasca bliain atá le teacht agus tá a fhios agam, le do chúnamh, go ndéanfaidh sé amhlaidh.

Guím gach rath ar rannpháirtithe 2019. Go n-éirí an t-ádh libh!

Michael Ring T.D., Minister of State for Regional Economic Development