Duaiseanna

Searmanais Ghradaim na mBailte Slachtmhara – Náisiúnta agus Réigiúnach

Fógraítear príomhbhuaiteoirí chomórtas Náisiúnta na mBailte Slachtmhara agus buaiteoirí na nGradam Speisialta ag searmanas bliantúil Ghradaim na mBailte Slachtmhara i Meán Fómhair gach bliain.

Sa Helix a tionóladh iad le roinnt blianta anuas. Fógraítear buaiteoirí ghradaim Chontae, Réigiúnacha agus Náisiúnta, chomh maith leis na gradaim Speisialta. De bharr srianta ama, ní bhronntar ach na gradaim is airde ar stáitse ar lá an tsearmanais. An tAire Comhshaoil agus Stiúrthóir Bainistíochta SuperValu, ár bpríomh-urraitheoir, a bhronnann na gradaim.

Níl spás ach do 1000 duine san ionad, mar sin ní thugtar cuireadh roimh ré ach do roinnt ionadaithe de na coistí Bailte Slachtmhara a mbronnfar gradam orthu a bheith i láthair. Tugtar cuireadh freisin do na hurraitheoirí ar fad, d’ionadaithe ó gach Údarás Áitiúil agus do mholtóirí na mBailte Slachtmhara a bheith i láthair. Ócáid shóisialta den scoth a bhíonn ann agus deis bualadh le coistí eile ó ar gach cearn den tír.

Déanann foireann Nationwide RTÉ an ócáid a thaifeadadh agus craoltar clár speisialta faoin gcomórtas ar Nationwide an tráthnóna sin. I nDeireadh Fómhair/Samhain a thionóltar searmanais na nGradam Réigiúnacha agus tugtar deis do ghrúpaí Bailte Slachtmhara bualadh le chéile ar bhonn níos áitiúla chun an méid atá bainte amach acu a cheiliúradh.

I measc na ndaoine a bhíonn i láthair bíonn buaiteoirí an Ghradaim Iarrachta, a thugann aitheantas do ghrúpaí Bailte Slachtmhara nach mbaineann ardghradam amach sa chomórtas. Tugann searmanais na nGradam Réigiúnacha deis na duaiseanna, boinn agus teastais ar fad a fógraíodh ag searmanas na nGradam Náisiúnta i Meán Fómhair, a bhronnadh.

Freastalaíonn Aire rialtais agus na hurraitheoirí éagsúla chun na duaiseanna a bhronnadh. Bíonn grianghrafadóirí ann chun grianghraif a thógáil den bhronnadh duaiseanna agus scaiptear iad ar na nuachtáin áitiúla. Fáilte Ireland a chuireann na gradaim i láthair, go traidisiúnta, i gcomhar le hAonad na mBailte Slachtmhara sa Roinn.

Tugtar amach os cionn 200 duais gach bliain faoi thionscnamh na mBailte Slachtmhara, le os cionn €200,000 den duaischiste iomlán de €250,000 á bhronnadh faoin bpríomhchomórtas.  (Bronntar an iarmhéid i nduaiseanna speisialta lasmuigh den phríomhchomórtas. Le tuilleadh mionsonraí a fháil féach Specials sa roinn seo.)

Tá na príomhdhuaiseanna ar fad bunaithe ar an scór a bhaineann na hiontrálaithe amach sa chomórtas mar a leanas –

Gradaim an Iontrálaí Nua is Fearr don iontrálaí nua is airde a scórálann i ngach catagóir daonra.

Gradaim Iarrachta  don fheabhsúchán is mó a dhéanann iontrálaí i ngach contae ón mbliain roimhe sin.

Gradaim Chontae don trí iontrálaí is airde i ngach contae.

Gradaim Réigiúnacha don iontrálaí is airde a scórálann i ngach réigiún.

Boinn Óir, Airgid agus Cré-Umha d’iontrálaithe le scóranna a thagann laistigh den réimse atá leagtha síos ón scór is airde don bliain sin.

Gradaim Catagóire do na hiontrálaithe is airde a scórálann i gcatagóirí Sráidbhailte, Bailte Beaga, Bailte Móra agus Ionaid Uirbeacha Móra.

Gradamh an Bhaile is Slachtmhaire in Éirinn don iontrálaí is airde a scórálann sa chomórtas ar fad.

Tá rannóga gradaim ar leithligh ann freisin d’iontrálaithe ó na hOileáin agus d’iontrálaithe ón nGaeltacht.