An Comórtas

Is comórtas bliantúil é comórtas náisiúnta na mBailte Slachtmhara atá eagraithe an an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil le tacaíocht an phríomhurraitheora SuperValu agus roinnt mhaith gníomhaireachtaí eile.

Baineann an comórtas le rátú na gceantair atá rannpháirteach ar gach gné dá dtimpeallacht áitiúil agus le bronnadh duaiseanna ar an gcuid is fearr faoi roinnt mhaith catagóirí éagsúla. Is é an “Baile is Slachtmhaire in Éirinn” an buaiteoir foriomlán, a fhógraítear le linn searmanas náisiúnta i Meán Fómhair gach bliain.

Le monatóireacht  á dhéanamh ar an dul chun cinn agus le haiseolas mionsonraithe á chur ar fáil bliain i ndiaidh bliana, iontrálann an chuid is mó de na rannpháirtíthe i dtosach le spéis a bpobail i leith na timpeallachta a mhúscailt  agus dlúrthardán  a chruthú chun saincheisteanna a ardú leis na húdaráis ábhartha.  Le himeacht ama, éiríonn leis na ceantair caighdeán a shroichint a thugann níos gaire do na mórduaiseanna iad.  Mar sin tá sé ina chlár forbartha chomh maith le bheith ina chomórtas.

Déantar iniúchadh ar ghnéithe éagsúla den chomórtas sa roinn seo, ón a cineáil ceantair a chuireann isteach ar chomórtais go dtí na critéir mheasúnaithe atá in úsáid.  Tá súil againn agus tú thar éis é seo a léamh, go spreagfaidh sé tú le cur isteach ar an gcomórtas an bhliain seo chugainn.