Bailte Slachtmhara 2019 – An tEolas is Déanaí

Bliain iontach eile a bhí in 2019 do Bhailte Slachtmhara agus breis agus 900 iarratas déanta ar an gcomórtas – an líon is mó riamh. Léiriú a bhíonn san imeacht seo ar gach rud atá iontach faoi spiorad an phobail in Éirinn. Tá an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail, in éineacht lenár gcomhpháirtithe, mórtasach as a bheith páirteach ann.

Ar an drochuair, bhí líon an-bheag iarratas ar an gcomórtas i mbliana nach bhfuair an Roinn agus dá bharr sin, níor cuireadh san áireamh iad le linn an phróisis moltóireachta. Tá teagmháil déanta ag foireann na mBailte Slachtmhara leis na grúpaí sin agus tá sé socruithe moltóireacht a dhéanamh ar na bailte sin sna seachtainí amach romhainn. Cinnteoidh sin nach mbeidh na bailte sin faoi mhíbhuntáiste le hais iarratas eile.  Déanfar Leabhrán oifigiúil na dTorthaí do chomórtas 2019 a thabhairt cothrom le dáta agus déanfar aon ghradaim a d’fhéadfadh a bheith le bronnadh mar thoradh ar na moltóireachtaí sin a bhronnadh ag na gradaim réigiúnacha níos déanaí sa bhliain.

Cé go bhfuil an chosúlacht air nach mbaineann na fadhbanna a tháinig chun cinn ach leis na grúpaí atá aitheanta cheana féin, is féidir le haon eagraíocht a bhfuil imní uirthi faoin iarratas a rinneadh in 2019 teagmháil a dhéanamh le foireann na mBailte Slachtmhara trí cheann ar bith de na bealaí atá liostaithe thíos.

Leanfaidh an Roinn d’athbhreithniú a dhéanamh ar a cuid próiseas lena chinntiú go mbeifear in ann an caighdeán is airde seirbhíse a chur ar fáil do Choistí Bailte Slachtmhara ar fud na tíre.  Má tá aon mholtaí agat faoi mar is féidir linn an próiseas a fheabhsú, ba bhreá linn cloisteáil uait.

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn trí cheann ar bith de na pointí teagmhála thíos.

Táimid ag súil go mór sibh a fheiceáil ag imeachtaí na ngradam réigiúnach sna míonna atá le teacht agus a bheith i mbun oibre libh ar fad arís in 2020.

 

Foireann na mBailte Slachtmhara

An Roinn Forbartha Tuaithe & Pobail

 

Mionsonraí teagmhála

Fón:076 100 6938

Ríomhphost: TidyTowns@drcd.gov.ie

Seoladh Poist: Bailte Slachtmhara, Oifigí an Rialtais, Béal an Átha, Co. Mhaigh Eo, F26 E8N6