Tairseach Ceisteanna Coitianta

C: Cén fáth ar athraíodh an próiseas iarratais Bailte Slachtmhara?

F: Thug muid an tairseach iontrála ar líne isteach chun go mbeadh sé níos fusa agus níos sláine do ghrúpaí iarratais a chur isteach. De bharr na tairsí, laghdófar líon na ríomhphost a fhaightear, ní rachaidh faisnéis ar iarraidh agus beidh tú in ann stádas d’iarratais a leanúint.

C: Conas a chláraím m’iontráil?

F: Téigh go  competition.tidytowns.ie, cliceáil ar Chláraigh d’Iontráil 2026, cuir isteach sonraí do ghrúpa agus uaslódáil d’fhoirm chomhlíonta agus do léarscáil.

C: An bhfuil orm m’fhoirm iontrála a chur isteach trí ríomhphost?

F: Níl. Ní mór na foirmeacha iontrála agus doiciméid tacaíochta go léir a chur isteach tríd an tairseach ar líne.

C: An mbeidh a’ fhios agam gur éirigh liom m’fhoirm iontrála a chur isteach?

F: Beidh – Nuair atá d’fhoirm iontrála curtha isteach agat, taispeánfar teachtaireacht deimhnithe ar an scáileán le huimhir thagartha chlárúcháin uathúil.

C: An féidir liom níos mó ná doiciméad amháin a chur isteach?

F: Sea, is féidir leat foirm iontrála amháin agus 7 ndoiciméad tacaíochta a chur isteach

  • Doiciméad foirme iontrála amháin (uasmhéid: 20 MB)
  • 7 nDoiciméad Tacaíochta ar a mhéad (le huasmhéid 6 MB ag gach ceann acu)

C: An féidir liom doiciméid a uaslódáil i bhformáid PDF & Word?

F: Sea, ach laghdaítear méid an doiciméid má uaslódáiltear i bhformáid PDF é.

C: An féidir liom grianghraif a uaslódáil?

F: Sea, mar sin féin mholfadh muid duit grianghraif a chur i ndoiciméad Word/PDF agus a uaslódáil mar chomhad amháin.

C: Cad ba cheart dom a dhéanamh mura bhfuil an tairseach ag obair?

F: Athnuaigh an leathanach, glan taisce do bhrabhsálaí, nó bain úsáid as brabhsálaí eile. Mura réitítear an fhadhb, déan teagmháil linn trí ríomhphost TidyTowns@drcdg.gov.ie nó trí ghuthán 01 773 6988.

C: An bhfuil orm faisnéis ar bith a chur isteach sula n-uaslódálaim an fhoirm iontrála agus na doiciméid?

F: Tá, ar leathanach 2 beidh ort an fhaisnéis thíos a chur isteach:

  • Ainm an bhaile:
  •  Catagóir na Duaise – (Catagóir dhaonra)
  • Ainm na hEagraíochta:
  • Ainm an Teagmhálaí
  • Seoladh – Éirchód san áireamh
  • Uimhir Ghutháin
  • Seoladh Ríomhphoist
  • Leasainm ar mheáin shóisialta (roghnach)

Ar leathanach 3 beidh tú in ann do dhoiciméid iontrála a uaslódáil

C: Cé a dhéanfaidh mé teagmháil leo má tá cuidiú de dhíth orm le m’iarratas?

F: Má tá deacrachtaí teicniúla agat nó má tá ceisteanna ar bith agat maidir leis an phróiseas iarratais, déan teagmháil leis an Aonad Bailte Slachtmhara trí ríomhphost TidyTowns@drcdg.gov.ie nó guthán 01 773 6988

C: Ar cheart dom dul i dteagmháil leis an Aonad Bailte Slachtmhara le cinntiú go bhfuair siad m’iarratas?

F: Nuair atá d’fhoirm iontrála curtha isteach agat, taispeánfar teachtaireacht deimhnithe ar an scáileán le huimhir thagartha chlárúcháin uathúil. Is féidir leat breathnú ar liosta na n-iontrálacha cláraithe, a uasdátófar go rialta, freisin – competition.tidytowns.ie