Lámhleabhar
Cuireadh tús le comórtas Bhailte Slachtmhara SuperValu sa bhliain 1958 agus ó shin i leith is é an tionscnamh inbhuanaithe agus comhshaoil is cáiliúla in Éirinn. Tá an comórtas á riaradh ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, agus tá sé á urrú ag SuperValu go bródúil ó 1991 i leith.
Tagann an lámhleabhar seo, a ullmhaíodh le hionchur ó phainéal náisiúnta na mBailte Slachtmhara, in áit an lámhleabhair a eisíodh in 2010.

Clúdaítear gach catagóir ina aonar sa leagan nua, ach moltar do ghrúpaí gan cuid a léamh ar leithligh ó na cinn eile. Tá ról tábhachtach ag tírdhreachú i moltóireacht Sráid-Dreacha agus Áiteanna Poiblí, Sráideanna Cónaithe agus Ceantair Tithíochta agus Bóithre Rochtana, Sráideanna agus Lánaí, Slachtmhaireacht agus Rialú Bruscair, agus déanfar athbhreithniú air in go leor catagóirí, mar sin. Dá bhrí sin, mholfaimis tagairt a dhéanamh do na catagóirí uile beag beann ar an tionscadal nó an tionscnamh atá ar bun. Is féidir na codanna éagsúla a léamh ag na naisc thíos.
Tá cuid ghinearálta ann freisin ina bhfuil faisnéis atá tairbheach do gach grúpa maidir leis na hábhair laethúla a mbíonn grúpaí ag plé leo, cúrsaí airgeadais, riaracháin srl. Tá faisnéis ann freisin chun cabhrú le grúpaí nua iad féin a bhunú ar bhealach sábháilte agus slán. Féach ar an nasc thíos freisin.
Gabhaimid buíochas leis an bpainéal náisiúnta moltóirí as a gcuid ionchuir agus tacaíochta agus na codanna éagsúla á dtiomsú againn, gabhaimid buíochas freisin leis an urraitheoir, SuperValu, as a gcuid oibre dearaidh agus mar fhocal scoir, gabhaimid buíochas leis na grúpaí as a ngrianghraif a úsáid ar fud an lámhleabhair. Cuireadh isteach na híomhánna seo do chomórtas grianghraif Bhailte Slachtmhara SuperValu 2020.
Tá súil againn go mbeidh an fhaisnéis sa lámhleabhar tairbheach agus grúpaí ag ullmhú le haghaidh iontrála don chomórtas.
Lámhleabhar de réir coda
- Catagóirí agus Struchtúr Marcála Chomórtas Bhailte Slachtmhara SuperValu
- Eolas Ginearálta
- Pobal – Pleanáil agus Rannpháirtíocht
- Tírdhreach Sráide agus Áiteanna Poiblí
- Inbhuanaitheacht – Níos mó a dhéanamh le níos lú
- Slachtmhaireacht agus Cosc Bruscair
- Spásanna Glasa agus Tírdhreachú
- Dúlra agus Bithéagsúlachta sa Cheantar Áitiúil
- Sráideanna Cónaithe agus Ceantair Tithíochta
- Bóithre Rochtana, Sráideanna agus Lánaí