Cé ar féidir leo iontráil a dhéanamh?

Cé ar féidir leo iarratas a dhéanamh ar chomórtas Bhailte Slachtmhara SuperValu?

Is féidir le gach ceantar, beag nó mór, uirbeach nó tuaithe cur isteach ar chomórtas Bhailte Slachtmhara SuperValu, agus déantar gach ceann a iontráil faoina gcatagóirí daonra faoi seach. Tá na catagóirí daonra seo idir an ceann is lú, Catagóir A – Faoi 200, agus an ceann is mó, Catagóir H – 25,001 agus níos mó. Titeann Catagóirí A & B laistigh de chatagóir Sráidbhaile, titeann C & D laistigh de chatagóir Baile Beag, titeann E & F laistigh de chatagóir Baile Mór agus titeann G & H laistigh de chatagóir Ionad Uirbeach Mór.

Tá sé saor in aisce iarratas a dhéanamh beag beann ar mhéid an cheantair. Ba chóir do ghrúpaí rochtain a fháil ar na sonraí daonáirimh is déanaí le haghaidh figiúirí daonra cruinne.

Catagóir DaonraDaonraCatagóir DaonraDaonra
AFaoi 200E5,001 go 10,000
B201 go 1,000F10,001 go 15,000
C1,001 go 2,500G15,001 go 25,000
D2,501 go 5,000H25,001 agus níos mó

Feidhníonn na hiarratasóirí mar ‘ambasadóirí’ a gceantair i mBailte Slachtmhara SuperValu – de ghnáth bíonn duine amháin ó ghrúpa na mBailte Slachtmhara ar an liosta mar an príomhtheagmhálaí ar an bhfoirm iarratais.

Go hidéalach, ba chóir go ndéanfadh grúpa leathanbhunaithe iarratas a dhéanann ionadaíocht ar gach earnáil den phobal. Mar sin féin, níltear ag súil go gcaithfidh na struchtúir seo a bheith i bhfeidhm sula ndéantar iarratas. Glacfar le hiarratas ó chomhlacht inchreidte, amhail Údarás Áitiúil, Gníomhaireacht Forbartha, Grúpa Cónaitheoirí nó Gnó Áitiúil, freisin.

Mar sin féin, i ngach cás, táthar ag súil go n-úsáidfear rannpháirtíocht chun spéis níos leithne a spreagadh san iarracht laistigh den phobal. Is cuid mhór de chritéir mheasúnaithe Bhailte Slachtmhara SuperValu dul chun cinn maidir le rannpháirtíocht phobail níos leithne a spreagadh.

Conas iarratas a chlárú do Chomórtas Bhailte Slachtmhara SuperValu 2026

Is féidir iarratais a chlárú anois agus foirmeacha iarratais iomlána a uaslódáil ar thairseán ar líne ar competition.tidytowns.ie

Chuireamar doiciméad Ceisteanna Coitianta ar fáil do gach grúpa maidir le conas iarratas a chlárú do chomórtas Bhailte Slachtmhara SuperValu 2026. Is féidir ceisteanna coitianta a léamh ar ár suíomh gréasáin freisin.

Nuair a dhéantar iarratas, téigh go dtí competition.tidytowns.ie, cláraítear sonraí an ghrúpa ar dtús. Ansin, caitear foirm iarratais iomlán agus léarscáil a uaslódáil. Caitear léarscáil a chur san áireamh.

Is féidir faisnéis bhreise a uaslódáil freisin amhail plean 3-5 bliana agus doiciméid bhreise amhail grianghraif. Moltar grianghraif a shábháil i ndoiciméad Word nó PDF sula ndéantar iad a uaslódáil.

Caitear aontú leis na téarmaí agus coinníollacha ansin. Nuair a aontaítear leis na coinníollacha seo, agus a nuair a dhéantar iarratas, taispeántar teachtaireacht ar an scáileán ag fíorú an chlárúcháin.

Déanfar an suíomh gréasáin competition.tidytowns.iea nuashonrú go rialta leis na hiarratais a cláraíodh.  

Ba chóir iarratais iomlána a chlárú ar líne faoi Dé Luain, an 11 Bealtaine 2026

Is féidir ceisteanna faoi conas iarratas a dhéanamh ar chomórtas Bhailte Slachtmhara SuperValu 2026 a sheoladh chuig TidyTowns@drcdg.gov.ie