Moltóireacht

Conas a dhéantar moltóireacht ar an gcomórtas?

Déanann painéal neamhspleách moltóirí, a cheapann an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, measúnú ar na bailte rannpháirteacha.

Is gan ainm a dhéantar an mholtóireacht agus déantar í i rith mhíonna an Mheithimh, Iúil agus Lúnasa gach bliain.

Déantar measúnú ar gach iontrálaí faoi ocht gcritéar agus 550 marc ar fáil san iomlán mar seo a leanas:

Catagóirí ComórtaisStruchtúr Marcála
Pobal – Pleanáil & Rannpháirtíocht80
Sráid-Dreach & Áiteanna Poiblí80
Spásanna Glasa & Tírdhreachú80
Dúlra & Bithéagsúlacht sa Cheantar55
Inbhuanaitheacht – Níos Mó a Dhéanamh le Níos Lú55
Slachtmhaireacht & Cosc Bruscair90
Sráideanna Cónaithe & Limistéir Tithíochta55
Bóithre, Sráideanna & Lánaí Rochtana55
IOMLÁN550

Cén t-eolas eile ar cheart a a thabhairt do na moltóirí?

Chomh maith leis an bhfoirm iarratais, bíonn na moltóirí ag brath ar eolas eile a sholáthraíonn grúpaí na mBailte Slachtmhara – is é sin an fáth go bhfuil sé chomh tábhachtach léarscáil shoiléir a sholáthar. Cuidíonn grianghraif leis na moltóirí agus ba chóir plean 3/5 bliana a chur san áireamh freisin.

Is féidir le rannpháirtithe fo-limistéir spéise speisialta a shonrú le go bhféachfaidh na moltóirí orthu, ach clúdaíonn an mholtóireacht iomlán an limistéar ar fad agus na bóithre isteach. De ghnáth, sainmhínítear an limistéar seo mar laistigh de na comharthaí fáilte chuig limistéar nó, i gcás nach bhfuil comharthaí ann, laistigh de na comharthaí ábhartha teorann luas íseal.

I gceantair níos tuaithe nó uirbí, áit nach mbíonn teorainneacha soiléire, is é an limistéar moltóireachta íosta ná thart ar chiliméadar amháin i ngach treo ó lár an limistéir de réir mar a cheadaíonn an tíreolaíocht áitiúil agus na ceantair chomharsanacha.

Mar thoradh ar mheasúnú an bhreithimh, aithnítear roinnt iarratasóirí mar iarrthóirí ionchasacha chun an teideal foriomlán a bhuachan. Cuirtear na hionaid seo isteach sa dara babhta moltóireachta ansin. Is é an painéal iomlán moltóirí amháin a dhéanann cinntí faoi na buaiteoirí.

Nuair a fhógrófar na buaiteoirí ag an searmanas bronnta náisiúnta, foilseofar tuarascálacha ar na measúnuithe uile ar líne ar an suíomh seo.

Coinnímid taifid ar iarratais ó 1996 i leith – tá siad uile ar fáil anseo.