Maoiniú

Maoiniú do na Bailte Slachtmhara

Ó 2017 i leith, chuir an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta beagnach €11 milliún i maoiniú deontais ar fáil do ghrúpaí na mBailte Slachtmhara ar fud na tíre. Déanann Pobal an deontas seo a riaradh thar ceann na Roinne.

Sa bhliain 2024, fógraíodh €1.5 mhilliún i maoiniú do 983 grúpa incháilithe na mBailte Slachtmhara. Cuireadh an maoiniú seo ar fáil chun cabhrú le grúpaí lena n-iarratas ar an gcomórtas nó chun tionscadail a bhfuil toradh inbhuanaitheachta/dírithe ar an aeráid acu a mhaoiniú.

Molaimid do ghrúpaí breathnú ar thionscadail dá spásanna glasa agus dá bpáirceanna, agus tionscadail atá íogair dár mbithéagsúlacht agus a chuireann maireachtáil inbhuanaithe chun cinn. Tá grúpaí na mBailte Slachtmhara chun tosaigh maidir le móinéir bláthanna fiáine, plandáil nach ndéanann dochar do phailneoirí agus tionscnaimh a fhorbairt chun tacú lenár bhfiadhúlra.

Cé ar cheart iarratas a dhéanamh ar dheontas do na Bailte Slachtmhara?

Is iad na grúpaí atá incháilithe don deontas seo na grúpaí sin a ghlac páirt i gcomórtas Bhailte Slachtmhara SuperValu le 3 bliana anuas.