Léarscáileanna & Graif
Tá léarscáil mhaith bhaile nó sráidbhaile agus treoir tábhachtach d’Fhoirm Iarratais Bhailte Slachtmhara SuperValu. Molaimid go mór lámhleabhar na mBailte Slachtmhara a léamh chomh maith le féachaint ar an seimineár gréasáin maidir le cur isteach ar an gcomórtas.
Tá treoir in Eagrán 05/2020 dár nuachtlitir freisin

Conas a rachaidh léarscáil chun tairbhe do ghrúpaí na mBailte Slachtmhara?
Agus léarscáil á pleanáil, is é an chéad rud le machnamh a dhéanamh air ná an chaoi a rachaidh sé chun tairbhe don ghrúpa. Cuidíonn léarscáil ardchaighdeáin le baill pictiúr foriomlán a fheiceáil de na tionscadail a bhfuil baint acu leo. Is féidir le léarscáil cabhrú le pleanáil, aird a tharraingt ar thionscadail nua, cothabháil oibre atá déanta cheana féin agus tionscadail amach anseo a d’fhéadfadh a bheith mar chuid de phlean 3-5 bliana an ghrúpa, má tá plean acu.
An féidir léarscáil a chur isteach a tarraingíodh de láimh?
Cinnte, glactar le léarscáil a tarraingíodh de láimh – ach déan cinnte gur féidir an léarscáil a léamh go héasca.
Cén méid léarscáile atá oiriúnach?
Ba chóir go mbeadh an léarscáil de mhéid inbhainistithe, A4 nó A3 agus ba chóir í a chur isteach mar chuid d’fhoirm iarratais nó mar cheangaltán ar leith leis an ríomphost iarratais.
Ar cheart treoir léarscáile a chur san áireamh?
Ba cheart, cinnte! Ar an léarscáil, ainmnigh na sráideanna agus na bóithre go léir agus marcáil na príomhfhoirgnimh phoiblí agus na sainchomharthaí. Ba chóir gach tionscadal nua a cheangal le léarscáil an bhaile nó an tsráidbhaile m.sh. N agus ba chóir tionscadail atá cothabháilte a cheangal leis an litir C. Cinntigh go dtugtar an uimhir chéanna do gach tionscadal ar an bhfoirm iarratais agus a thugtar ar an léarscáil.
Leid: D’fhéadfadh nach mbeadh an moltóir tar éis moltóireacht a dhéanamh ar an mbaile nó an sráidbhaile roimhe seo, mar sin níor cheart glacadh leis go raibh siad riamh sa bhaile/sráidbhaile! Tá sé ríthábhachtach a bheith soiléir.
Féach thíos roinnt samplaí de léarscáileanna ardchaighdeáin a rinne grúpaí na mBailte Slachtmhara. Is meascán iad seo de léarscáileanna maithe a tarraingíodh de láimh chomh maith le léarscáileanna digiteacha. D’fhéadfaí iad seo a úsáid mar threoir chun léarscáil a chruthú.