Ceisteanna Coitianta
An mbaineann Bailte Slachtmhara le ‘slachtmharacht’ amháin?
Braitheann sé ar céard go díreach is brí le slachtmharacht. Má chiallaíonn slachtmhar ‘glan’ go simplí, tá sé mícheart cur síos a dhéanamh ar Bhailte Slachtmhara mar rud a bhaineann le glantachas amháin. Ciallaíonn slachtmhar ‘dea-eagraithe’ agus ‘suntasach’ chomh maith, ar cur síos i bhfad níos ábhartha iad. Baineann Bailte Slachtmhara go bunúsach le rudaí a dhéanamh i gceart – deaphleanáil, foirgnimh agus spásanna poiblí dea-chothabháilte, tírdhreachú cuí agus meas ar áiseanna nádúrtha. Tá sé tábhachtach freisin cuimhneamh ar bhithéagsúlacht, ar bhóithre glana agus gan phlódú agus, thar aon rud eile, ar rannpháirtíocht an phobail.
Ach ag deireadh an lae, nach comórtas áilleachta amháin atá ann?
Ní hea. Chun na caighdeáin is airde a bhaint amach faoi chlár na mBailte Slachtmhara, tá gá le tuiscint níos doimhne ar riachtanais cheantair seachas dea-chur i láthair amháin. Tá sé an-tábhachtach rannpháirtíocht an phobail a chinntiú chomh maith le cur chuige straitéiseach agus córasach a ghlacadh i leith gach gníomhaíochta. Déantar rátáil ar na gnéithe seo chomh maith le caighdeán an chur i láthair chun a chinntiú go mbeidh feabhsuithe fadtéarmacha agus inbhuanaithe ann.
An ndéanann TidyTowns measúnú ar an mbaile nó ar ghníomhaíochtaí ghrúpa TidyTowns?
Déanann TidyTowns meansúnú ar an dá rud. Ba é bunsmaoineamh TidyTowns ná spreagadh a thabhairt don iontrálaí a gceantar a fheiceáil ar an mbealach a d’fhéadfadh strainséir é a fheiceáil. Ag féachaint ar an gceantar ar bhealach eile, ba chóir dóibh réimsí fadhbanna a aithint agus réitigh a mholadh i gcomhpháirtíocht leis an bpobal agus leis na húdaráis ábhartha. Leanann an coincheap bunúsach seo ar aghaidh go dtí an lá atá inniu ann, mar sin ní mór ardchaighdeán fisiciúil a bheith ag ceantar fós chun marcanna suntasacha a bhaint amach.
Mar sin féin, féachtar go díreach ar ghníomhaíochtaí an iontrálaí, amhail leibhéal rannpháirtíochta pobail agus comhoibriú le comhlachtaí eile, faoi chatagóir ‘Cur Chuige Forbartha Foriomlán’. Cé go gcuirtear cur chuige straitéiseach agus pleanáil san áireamh ar fud an chuid eile den mheasúnú. Sin é an fáth a bhféadfadh iontrálaithe nua, nó iontrálaithe nach soláthraíonn an fhaisnéis riachtanach go léir, scór réasúnta íseal a fháil cé go bhfuil cuma mhaith ar an gceantar. Nuair a chuirtear na struchtúir agus na straitéisí cuí i bhfeidhm agus nuair a choinnítear an moltóir ar an eolas go hiomlán i bhfoirm iontrála gach bliana, baintear marcanna níos airde amach. Tá sé seo riachtanach chun a chinntiú go gcabhraíonn TidyTowns le feabhsú inbhuanaithe, fadtéarmach a sheachadadh.
An nglactar le hiarratais TidyTowns ó bhailte amháin?
Ní ghlactar. Is frása áisiúil uileghabhálach é ‘baile’ sa chás seo. Ós rud é gur tionscnamh cuimsitheach é TidyTowns, is féidir le ceantar beag nó mór páirt a ghlacadh ann agus déantar measúnú ar gach ceann acu faoina gcatagóirí faoi seach. Go deimhin, is é an t-aon srian ar iontráil ná nach féidir le codanna de cheantar páirt a ghlacadh leo féin. Ní mór don cheantar ar fad teacht le chéile mar iontrálaí amháin.
Tá cónaí orm i mbaile fearainn ina bhfuil líon beag tithe agus ba bhreá liom páirt a ghlacadh, ach níl ‘limistéar sainithe’ ann go fóill. An féidir liom iarratas a dhéanamh fós?
Is féidir. Sa chás go bhfuil mothú pobail idir na cónaitheoirí i mbaile fearainn níl aon bhac ar iarratas a dhéanamh ar chomórtas na mBailte Slachtmhara. Déanta na fírinne, d’fhéadfadh rannpháirtíocht a bheith ina chúis le sainiú níos fearr ar cheantar le himeacht ama, rud a chruthódh ardán láidir chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin atá roimh an bpobal go comhchoiteann. Níl de dhíth ach go bhfeidhmeoidh gné éigin den cheantar mar chroílár chun téagar a chur i ngníomhaíochtaí na mBailte Slachtmhara. D’fhéadfadh siopa áitiúil, teach tábhairne, crosbhóthar nó droichead a bheith ann.
Mar mhalairt air sin, má tá an baile fearainn ar theorainn baile a ghlacann páirt cheana féin, tá raon feidhme ann chun iarratas a dhéanamh leis an mbaile. De réir mar a fhéachtar ar an gceantar máguaird i measúnú na mBailte Slachtmhara, bheadh ról ag na daoine sa bhaile fearainn chun cur go dearfach le hiarracht fhoriomlán an bhaile.
Tá cónaí orm i gceantar uirbeach an-mhór ina bhfuil na mílte teach ar a dtugtar an t-aon áit amháin go ginearálta. An dtabharfar cead do m’eastát a iarratas féin a dhéanamh?
Seans go dtabharfar. Tógadh go leor ceantair uirbeacha mhóra, go háirithe iad siúd a tógadh sna 60idí, sna 70idí agus sna 80idí, gan mórán airde ar chéannacht thraidisiúnta na mbailte fearainn nó na sráidbhailte. Ní chuireann scála na rudaí seo ar chumas daoine mothú áite ná pobal comhtháite a fhorbairt go héasca.
Oibríonn TidyTowns le cónaitheoirí agus le gnólachtaí áitiúla chun cabhrú leo féiniúlacht a gceantair a shainiú nó a neartú ionas gur féidir leo taitneamh a bhaint as na buntáistí pobail céanna agus atá ag daoine atá ina gcónaí i dtimpeallacht níos struchtúrtha agus níos pleanáilte. Dá bhrí sin, cheadófaí do na ceantair seo a leanas iarratas a dhéanamh ar chomórtas TidyTowns –
– Ceantair stairiúla atá fós ann mar dhúichí.
– Comharsanachtaí nua neamhspleácha a tháinig chun cinn le himeacht ama.
– Forbairtí nua a tógadh leis an aidhm shonrach a bheith ina gceantair neamhspleácha.
Mholfaimis i gcónaí go ndéanfadh eastát iarratas ar chomórtas TidyTowns le haghaidh aiseolais tosaigh. Tugann sé seo deis do bhreithneoir an cás a mheas agus a fheiceáil an bhféadfadh an t-eastát cáiliú mar cheantar ar leith leis féin nó ar cheart dó comhoibriú le heastáit eile chun comharsanacht inbhuanaithe inmharthana a thógáil ar bhealach ní b’fhearr.
Más comórtas é Bailte Slachtmhara, caithfidh go bhfuil cailliúnaithe ann chomh maith le buaiteoirí?
Ní chaithfidh. Dá mba chomórtas amháin a bheadh ann, d’fhéadfadh sé sin a bheith amhlaidh, ach ní comórtas amháin atá i mBailte Slachtmhara. Is clár tacaíochta é Bailte Slachtmhara freisin ina spreagtar rannpháirtithe chun caighdeáin a fheabhsú ó bhliain go bliain. Is dosheachanta go mbeidh ceantair áirithe níos faide chun tosaigh ina bhforbairt ná a chéile ar chúiseanna éagsúla. Mar an gcéanna, is míthuiscint iomlán é an tátal gur féidir bailte a bhfuil rátálacha níos ísle acu ná bailte eile a mheas go hoibiachtúil mar ‘salach’ nuair a théann an oiread sin gnéithe eile i bhfeidhm ar mharcanna.
An bhfuil rialacha na mBailte Slachtmhara comhsheasmhach leis an deachleachtas i gcúrsaí comhshaoil?
Tá. Cosúil leis an gcuid is mó de rudaí, athraíonn coincheapa an dea-chleachtais le himeacht ama de réir mar a fhoghlaimímid níos mó faoin domhan ina mairimid agus faoi iarmhairtí ár ngníomhartha. Mar an tionscnamh comhshaoil is faide atá ar siúl in Éirinn, feiceann lucht na mBailte Slachtmhara na coincheapa seo ag athrú thar na blianta agus cuireann siad gnéithe in oiriúint dá réir. Mar sin ní gá go léireofaí smaointe ó 20 bliain ó shin i mBailte Slachtmhara an lá atá inniu ann. Leanfaimid orainn ag cinntiú go bhfuil lámhleabhar na mBailte Slachtmhara agus na foilseacháin tionlacain cothrom le dáta maidir le smaointe reatha agus bímid i gcónaí oscailte do thuairimí contrártha a chuirtear chugainn a bhreithniú.
