Cuir Tús le Grúpa Bailte Slachtmhara

Conas a chuirtear tús le grúpa do na Bailte Slachtmhara?

Ceist mhaith! Chuireamar Lámhleabhar na mBailte Slachtmhara i dtoll a chéile, ina dtugtar comhairle maidir le grúpa áitiúil a chur ar bun do na Bailte Slachtmhara. Tá eolas agus moltaí maidir leis na hocht gcatagóir sa chomórtas sa lámhleabhar chomh maith.  “An Bíobla” a thugtar mar theideal ceana air (is féidir an lámhleabhar a léamh ag an nasc seo).

Tá comhairle luachmhar ann a thug moltóirí na mBailte Slachtmhara. Molaimid do dhaoine an lámhleabhar a léamh má tá siad ag smaoineamh faoi ghrúpa a thosú, chomh maith le teagmháil a dhéanamh lena n-údarás áitiúil, a sholáthraíonn tacaíocht freisin do ghrúpaí deonacha pobail ar nós na mBailte Slachtmhara. Ós rud é gur gréasánaithe iontacha iad grúpaí na mBailte Slachtmhara, moltar teagmháil a dhéanamh le grúpa áitiúil na mBailte Slachtmhara nó an grúpa Bailte Slachtmhara is gaire duit maidir le grúpa Bailte Slachtmhara a thosú agus b’fhéidir go mbeidís in ann roinnt faisnéise agus leideanna luachmhara a thabhairt. Léirítear inár léarscáil beagnach 1000 grúpa gníomhach de chuid na mBailte Slachtmhara ar fud na tíre.

Tá Comórtas Bhailte Slachtmhara SuperValu ar an tionscnamh comhshaoil ​​áitiúil is cáiliúla agus is mó tóir in Éirinn anois.  Is é príomhfhócas na mBailte Slachtmhara pobail a spreagadh chun a dtimpeallacht áitiúil a fheabhsú agus a gceantar a dhéanamh ina áit níos fearr le maireachtáil, le hobair agus le cuairt a thabhairt air, ag cruthú muintearais. Cuireann grúpaí na mBailte Slachtmhara ar fud oileán na hÉireann lena bpobail ar bhealaí praiticiúla agus cruthaitheacha chun a mbailte agus a sráidbhailte a fheabhsú.

Déanann Aonad na mBailte Slachtmhara sa Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta riaradh ar an gcomórtas i gcomhar le SuperValu, urraitheoirí fadtréimhseacha chomórtas na mBailte Slachtmhara. Tá áthas orainn i gcónaí cloisteáil ó ghrúpaí ar mhaith leo iarratas a dhéanamh. Mar sin féin, ní féidir linn sonraí teagmhála de chuid ghrúpaí Bhailte Slachtmhara a thabhairt faoi threoirlínte RGCS. D’fhéadfadh duine tiomnaithe a bheith ag údaráis áitiúla ag obair le Grúpaí na mBailte Slachtmhara sa chontae.

Iarratas a Dhéanamh ar Chomórtas Bhailte Slachtmhara SuperValu

Cé is féidir iarratas a dhéanamh?

Chun iarratas a dhéanamh ar an gcomórtas, ní mór d’iarratasóir a bheith ina chomhlacht a dhéanann iarratas thar ceann baile, sráidbhaile, oileáin nó limistéir neamhspleách (“baile”) agus ba chóir dóibh a bheith ag obair i dtreo ionadaíocht leathan a dhéanamh ar gach earnáil atá ina gcónaí nó ag obair sa bhaile. Ní féidir le heastáit tithíochta ná cumainn chónaitheoirí iarratas a dhéanamh. D’fhéadfadh an tÚdarás Áitiúil comórtas a reáchtáil d’eastáit tithíochta nó do chumainn chónaitheoirí. Is é an chéad chéim ná sráidbhaile/baile a choinneáil glan agus slachtmhar – is féidir tionscnaimh eile a thosú a luaithe is a chuirtear an bhunobair i gcrích!

Conas a dhéanann grúpaí na mBailte Slachtmhara iarratas?

Seoltar comórtas Bailte Slachtmhara SuperValu gach bliain, de ghnáth timpeall mhí an Mhárta, agus bíonn an spriocdháta i mí na Bealtaine.

Tar éis an tseolta, bíonn foirmeacha iarratais agus foirmeacha iarratais ar dhámhachtainí speisialta Bhailte Slachtmhara SuperValu ar fáil ar ár suíomh gréasáin. Tá leabhrán eolais ar fáil freisin, ina leagtar amach téarmaí agus coinníollacha an chomórtais. Molaimid do gach grúpa a dhéanann iarratas an leabhrán seo a léamh go cúramach.

Eagarítear roinnt comórtas Dámhachtainí Speisialta i gcomhthráth leis an bpríomhchomórtas. Is féidir le haon ghrúpa deonach iarratas a dhéanamh ar na comórtais seo, ní grúpaí de chuid na mBailte Slachtmhara amháin. Tá sé mar aidhm ag na dámhachtainí speisialta seo luach saothair a thabhairt do thionscnaimh ina ndírítear ar phobail a fheabhsú.

Conas a chomhlánaím an fhoirm iarratais?

Tá roinnt rudaí le smaoineamh faoi agus an fhoirm iarratais á líonadh agat – ba chóir go gcuirfeadh an seimineár gréasáin seo sa treo ceart thú (nasc chuig an seimineár gréasáin anseo). Tugann d’fhoirm iarratais deis duit aird a tharraingt ar an dul chun cinn a rinne do ghrúpa i rith na bliana agus do phleananna amach anseo a leagan amach. Mar chuid den phróiseas moltóireachta, beidh Moltóir na mBailte Slachtmhara in ann moltaí a dhéanamh do do cheantar amach anseo.

Iarraimid ar ghrúpaí léarscáil dá gceantar a chur isteach lena bhfoirm iarratais. Glactar le léarscáil lámhdhéanta, ba chóir go mbeadh an léarscáil de mhéid inbhainistithe, A4 nó A3. Ar an léarscáil, ainmnigh na sráideanna agus na bóithre go léir agus marcáil na príomhfhoirgnimh phoiblí agus na sainchomharthaí. Ba chóir gach tionscadal nua a cheangal le léarscáil an bhaile nó an tsráidbhaile, cinntigh go dtugtar an uimhir chéanna do gach tionscadal san fhoirm iontrála agus a thugtar sa léarscáil. Iarraimid ar Ghrúpaí na mBailte Slachtmhara gan Léarscáil Google a chur isteach mar ní chabhraíonn siad leis an moltóir.

Seans nár thug an moltóir cuairt ar do shráidbhaile roimhe seo agus dá bhrí sin níor cheart glacadh leis go bhfuil eolas áitiúil acu agus an Fhoirm Iontrála agus an Léarscáil á gcur i gcrích. Tá soiléireacht ríthábhachtach.

Ba chóir foirmeacha iarrtais a íoslódáil ónár suíomh gréasáin, iad a chomhlánú agus a shábháil i ndoiciméad Microsoft Word nó PDF agus ansin iad a sheoladh chuig TidyTowns@drcdg.gov.ie. Déantar an suíomh gréasáin a nuashonrú go rialta le liostaí d’iarratais a cláraíodh.

TidyTowns@drcdg.gov.ie