Supervalu & Bailte Slachtmhara

Fáilte go suíomh gréasáin na mBailte Slachtmhara. 

Cuirtear eolas ar fáil anseo faoi chomórtas Bhailte Slachtmhara SuperValu, conas iarratas a dhéanamh chomh maith le conas a dhéantar moltóireacht ar an gcomórtas. Cuirtear sonraí ar fáil freisin faoi conas grúpa Bailte Slachtmhara a thosú agus faoi mhaoiniú roinne a chuirtear ar fáil do ghrúpaí a dhéanann iarratas ar an gcomórtas.

Urraíonn SuperValue comórtas Bhailte Slachtmhara SuperValu agus riarann an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus  Gaeltachta é. Is é an tAire Dara Calleary, T.D. Aire reatha na Roinne.

Tá Aonad na mBailte Slachtmhara sa Roinn freagrach as riaradh an chomórtais. Aonad beag díograiseach atá ann, atá tiomanta do chinntiú go n-éireoidh leis an gcomórtas.

Cuireann an tAonad fáilte roimh ghrianghraif agus eolas faoi na tionscadail – is breá linn cloisteáil faoi thionscnaimh iontacha na mBailte Slachtmhara. 

Táimid ag tnúth le bualadh leis na grúpaí ag ár searmanais bronnta duaiseanna agus imeachtaí eile i rith na bliana freisin.