Spiorad TidyTowns
Is comórtas náisiúnta é Bailte Slachtmhara SuperValu ina mbíonn bailte agus sráidbhailte ó gach cearn den tír ag iomaíocht le bheith ainmnithe mar an Baile is Slachtmhaire in Éirinn. Tá na caighdeáin thar a bheith ard agus feictear spiorad iomaíoch sna hiarratais go léir a dhéantar.
Tá spiorad na mBailte Slachtmhara tar éis dul i bhfeidhm ar shochaí na hÉireann ar bhealach i bhfad níos láidre ná sin, áfach. Níl a fhios ag go leor daoine sa lá atá inniu ann go bhfuil nasc ag Bailte Slachtmhara le comórtas aonair a eagraíodh ar feadh 37 bliain ar dtús. D’eagraigh Bord Fáilte, bord turasóireachta na hÉireann ag an am, an comórtas ar dtús, agus anois eagraíonn an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta é.




Is iomaí cúis atá leis seo, ach ba phríomhghné é rath an Chomórtais Náisiúnta ó na 1950idí ar aghaidh. Spreag sé seo go leor grúpaí eile, go háirithe údaráis áitiúla agus pobail féin, chun a dtionscnaimh féin a eagrú faoi bhratach na mBailte Slachtmhara agus dá bharr sin an teachtaireacht a scaipeadh i bhfad agus i ngearr. Ghlac na céadta míle duine páirt i dtionscnaimh áitiúla idir bheag agus mhór le caoga bliain anuas. Chuir na tionscnaimh seo go mór le gluaiseacht náisiúnta na mBailte Slachtmhara. Bliain i ndiaidh bliana tá an comórtas ag fás agus líon na n-iontrálacha coiste ag méadú, le níos mó ná 900 iontráil le dhá bhliain anuas.
Tá go leor de na tionscnaimh áitiúla seo fós ag dul ó neart go neart, cuid acu le teideal nua agus béim dhifriúil. Léiríonn a rath leanúnach go bhfuil i bhfad níos mó i gceist le Bailte Slachtmhara ná an comórtas náisiúnta amháin. Is spiorad beo agus folláin é sna tionscnaimh sin go léir agus sna daoine a ghlacann páirt iontu. Na mílte duine aonair agus eagraíocht a dhéanann gníomh éigin gach lá, beag nó mór, chun a dtimpeallacht áitiúil a fheabhsú. Is é iontráil sa chomórtas náisiúnta an bealach is fearr chun iarrachtaí pobail a dhaingniú agus tacaíocht níos leithne a spreagadh. Mar sin féin, tá fealsúnacht agus creat na mBailte Slachtmhara ábhartha d’aon duine ar mhaith leo leanúint lena spiorad ar a mbealach féin. Tá topaicí éagsúla sa chuid seo agus i Lámhleabhar na mBailte Slachtmhara ina léirítear conas is féidir le Bailte Slachtmhara cabhrú le gníomhaíochtaí.
