Seolann an tAire Dara CallearyComórtas Bhailte Slachtmhara SuperValu 2026ag ceiliúradh iarrachtaí comhshaoil agus pobaille hocht mbliana is seasca anuas

23 Márta 2026

Inniu, an 23 Márta, sheol an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, in éineacht le Stiúrthóir Bainistíochta SuperValu, an tUasal Luke Hanlon, comórtas Bhailte Slachtmhara SuperValu 2026.

Tá an comórtas, atá á reáchtáil ó 1958 i leith, faoi riar an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta agus faoi urraíocht SuperValu, ar cheann de na tionscnaimh inbhuanaithe, chomhshaoil ​​agus phobail is aitheanta sa tír.

Ag labhairt ag seoladh an chomórtais, dúirt an tAire Calleary:

“Tá áthas orm a bheith anseo i gCora Droma Rúisc, an baile ba shlachtmhaire in Éirinn in 2025, agus muid ag seoladh comórtas Bhailte Slachtmhara SuperValu 2026. Tá an comórtas seo ag fás bliain i ndiaidh bliana le hocht mbliana is seasca anuas, agus tá rath an chomórtais chun leasa dúinn uile.”

Tá beagnach 1,000 grúpa Bhailte Slachtmhara gníomhach ann, agus anuraidh fuarthas 929 iontráil, an líon ba mhó riamh, i gcomórtas Bhailte Slachtmhara SuperValu. Thug breis is 30,000 oibrí deonach breis is milliún uair an chloig dá gcuid ama, i rith na bliana, chun teacht le chéile chun ár bpobail a dhéanamh níos glaine, níos gile agus níos beoga.

Ar an dara dul síos, dúirt an tAire Calleary:

“Bhí grúpaí na mBailte Slachtmhara ríthábhachtach chun tacú le cuspóir an rialtais agus chun é a fheabhsú chun a chinntiú go bhfuil bailte inbhuanaithe, acmhainneacha agus rathúla do ghníomhaíocht tráchtála agus shóisialta. 

 “Mholfainn do gach duine teagmháil a dhéanamh leis an ngrúpa áitiúil agus obair dheonach a dhéanamh, beidh iontas ort faoi na buntáistí a d’fhéadfadh teacht chun cinn duit féin agus do do phobal níos leithne.

“Gabhaim buíochas speisialta lenár n-urraitheoir náisiúnta, Supervalu, atá ag déanamh urraíochta ar an gcomórtas le sé bliana is tríocha anuas. Tá SuperValu ina gcomhpháirtithe iontacha agus táim ag tnúth le leanúint leis an gcomhpháirtíocht seo sna blianta amach romhainn.”

Ag labhairt ag an seoladh inniu, dúirt Luke Hanlon, Stiúrthóir Bainistíochta SuperValu:

“Is mór an spreagadh i gcónaí é seoladh chomórtas Bhailte Slachtmhara SuperValu do choistí agus d’oibrithe deonacha ar fud na tíre. Tá fad saoil agus éagsúlacht an chláir suntasach, agus 70% de na coistí gníomhach le breis agus deich mbliana, agus tá ceathrú de na hoibrithe deonacha go léir faoi bhun cúig bliana is daichead d’aois. Tá sé iontach oibrithe deonacha de gach aois agus cúlra a fheiceáil ag teacht le chéile leis an aidhm a bpobail a fheabhsú, agus táimid ag súil le torthaí a gcuid oibre crua a fheiceáil i rith na bliana. 

“Ní bhaineann ról SuperValu i bpobail le miondíol amháin. Táimid bródúil as fostaíocht áitiúil a sholáthar, soláthraithe áitiúla a chur chun cinn agus infheistíocht a dhéanamh i dtionscnaimh a chuidíonn le caighdeán na beatha a neartú sna ceantair a bhfreastalaímid orthu. Tá tionscnamh Bhailte Slachtmhara SuperValu ag teacht go nádúrtha lenár dtiomantas fadbhunaithe chun pobail níos glaine, níos glaise agus níos inbhuanaithe a thógáil. Tá an inbhuanaitheacht fós lárnach sa chlár, agus trí Bhailte Slachtmhara SuperValu tá sé mar aidhm againn tionchar dearfach buan a chruthú ar an gcomhshaol, agus tacú le pobail chun bród a bheith acu as na háiteanna ina gcónaíonn siad agus ina n-oibríonn siad.

“Mar mhiondíoltóir pobail, táimid an-bhródúil as páirt a ghlacadh i mBailte Slachtmhara SuperValu ar feadh bliana eile agus gabhaimid buíochas lenár miondíoltóirí neamhspleácha as a dtacaíocht agus a dtiomantas gan staonadh.”

Mar fhocal scoir, ghabh an tAire Calleary buíochas  le hoibrithe deonacha na mBailte Slachtmhara ar fud na tíre agus ghuígh sé gach rath orthu i gcomórtas 2026.  Duirt an tAire:

“Guím gach rath oraibh go léir i gcomórtas 2026. Táim ag súil le hiontrálacha áille na mbailte agus na sráidbhailte a fheiceáil agus bualadh libh ag an searmanas bronnta níos déanaí i mbliana.” Is é Dé Luain, an 11 Bealtaine 2026, an dáta deiridh le haghaidh iontrálacha a fháil don chomórtas i mbliana.