Fógraíonn an tAire Calleary maoiniú €1.5 mhilliún do ghrúpaí na mBailte Slachtmhara
Tacaóidh an maoiniú le 1000 grúpa de chuid na mBailte Slachtmhara ar fud na tíre
D’fhreastail an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, ar shearmanas bronnta duaiseanna chomórtas Bhailte Slachtmhara SuperValu 2026 Dé hAoine, an 23 Deireadh Fómhair. Le linn an tsearmanais, d’fhógair sé gurbh é Buaile na hAbhann, Co. na hIarmhí, an buaiteoir foriomlán agus an baile is slachtmhaire in Éirinn do bhliain 2026.
D’fhógair an tAire Calleary freisin go gcuirfí €1.5 mhilliún ar fáil chun tacú le hobair beagnach 1000 grúpa de chuid na mBailte Slachtmhara ar fud na tíre. Cabhróidh an maoiniú seo leis na grúpaí ina n-iarrachtaí leanúnacha chun a mbailte agus a sráidbhailte a dhéanamh ina n-áiteanna níos fearr le maireachtáil iontu, le hoibriú iontu agus le cuairt a thabhairt orthu. Leis an bhfógra seo, tagann an méid iomlán a cuireadh ar fáil do ghrúpaí na mBailte Slachtmhara ó 2017 i leith go dtí €14 mhilliún.
Agus é ag fógairt an mhaoinithe seo, dúirt an tAire Calleary:
Aithním an ról ríthábhachtach atá ag os cionn 30,000 oibrí deonach de chuid na mBailte Slachtmhara; oibríonn siad go dian dícheallach i rith na bliana ar fad chun a chinntiú gur áiteanna bríomhara inbhuanaithe iad ár bpobail — áiteanna ina bhfuil sé go maith maireachtáil, oibriú agus teaghlaigh a thógáil. Is sampla iontach den mhéid is fearr inár bpobail iad an paisean agus an tiomantas atá ag na hoibrithe deonacha seo.
“Bíonn tairbhí fadtéarmacha ann do chách nuair a dhéantar infheistíocht inár bpobail; léirítear é sin go soiléir sna 936 ghrúpa a ghlac páirt i gcomórtas Bhailte Slachtmhara SuperValu na bliana seo.”
Beidh grúpaí de chuid na mBailte Slachtmhara a ghlac páirt sa chomórtas sna blianta 2024, 2025 nó 2026 i dteideal iarratas a dhéanamh ar dheontas idir €1,000 agus €4,000. Cabhróidh an maoiniú seo leis na grúpaí agus iad ag ullmhú do chomórtas 2027, agus is féidir é a úsáid freisin le haghaidh tionscadal ina ndírítear ar an inbhuanaitheacht agus ar an mbithéagsúlacht.
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire:
“Tá an bhéim ar thionscnaimh inbhuanaitheachta agus bithéagsúlachta thar a bheith suntasach agus tábhachtach dúinn uile. Cabhróidh an maoiniú ó mo Roinnse le grúpaí leanúint ar aghaidh lena n-iarrachtaí spreagúla chun a bpobail agus an timpeallacht áitiúil a athrú ó bhonn.”
Eagraíonn an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta comórtas Bhailte Slachtmhara SuperValu, agus is é SuperValu – a bhfuil urraíocht á déanamh acu ar an gcomórtas ó 1991 i leith – an t-urraitheoir.
Is féidir sonraí iomlána bhuaiteoirí uile na bliana seo a léamh ar www.tidytowns.ie agus www.supervalu.ie Tá liosta de ghrúpaí ar fad na mBailte Slachtmhara atá i dteideal an mhaoinithe deontais a fháil ar fáil freisin ar www.tidytowns.ie.

