Stair
Sheol Bord Fáilte (Fáilte Éireann anois) tionscnamh náisiúnta na mBailte Slachtmhara in 1958. Ba chuid d’fhéile náisiúnta ina ndearnadh ceiliúradh ar Éirinn darb ainm ‘Tóstal’ é ar dtús. Ba chéim chun cinn é an comórtas ó bhunfheachtas Ghlantachán Náisiúnta an Earraigh, a mhair idir 1953 agus 1957. D’fhorbair Bailte Slachtmhara a bhféiniúlacht féin go tapa agus tá sé anois ar an tionscnamh comhshaoil áitiúil is cáiliúla agus is mó a bhful tóir air in Éirinn.
Ón tús, ba é príomhsprioc na mBailte Slachtmhara pobail a spreagadh chun a dtimpeallacht áitiúil a fheabhsú agus a gceantar a dhéanamh ina áit ní b’fhearr le maireachtáil, le hoibriú inti agus le cuairt a thabhairt air. Ba ghné thábhachtach í an ghné iomaíochta i bhforbairt iomaíochta cairdiúla a chabhródh le caighdeáin a fheabhsú ar fud na tíre. Bhuaigh Na Gleannta, Co. Dhún na nGall, an chéad chomórtas a tionóladh in 1958. Mar sin féin, bhí an bhéim i gcónaí ar pháirt a ghlacadh sa chomórtas agus an pobal áitiúil a fheabhsú seachas é a bhuachan. Mar thoradh ar an mbéim seo ar thorthaí fadtéarmacha seachas torthaí tapa, measadh gur tionscnamh uathúil agus fadradharcach a bhí i gcomórtas na mBailte Slachtmhara.
Cé nár ghlac ach 52 bhaile páirt ann sa chéad bhliain, mhéadaigh an tóir ar na Bailte Slachtmhara go tapa le meán 700 iontrálaí in aghaidh na bliana. Spreag a rath go leor tionscnamh eile ar leibhéal náisiúnta, contae agus áitiúil, rud a chuir le cáil agus tionchar an chomórtais. Ní féidir líon na ndaoine a raibh baint acu le Bailte Slachtmhara a mheas go cruinn, ach is féidir a rá go bhfuil na céadta míle acu ann, agus ní féidir a shéanadh go raibh tionchar aige ar chlaochlú thírdhreach na hÉireann.
Ghlac an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta freagracht as na Bailte Slachtmhara agus eagraíonn an Roinn an tionscnamh anois le tacaíocht ó urraitheoir náisiúnta SuperValu agus roinnt gníomhaireachtaí eile. Cé go mbíonn rath air i gcónaí, agus cé go bhfuil sé ag athrú de réir mar a athraíonn an saol, coinníonn an comórtas an prionsabal lárnach céanna a bhí ag na bunaitheoirí – “feabhas a chur ar do cheantar.”
Tá faisnéis bhreise faoi stair na mBailte Slachtmhara inár gcartlann fhairsing ar líne. Áirítear leis seo an tsraith iomlán tuarascálacha scríofa ar gach rannpháirtí a dhéantar ó 1996 i leith, foilseacháin a bhfuil spéis ar leith ag baint leo do na Bailte Slachtmhara thar na blianta agus an liosta iomlán de na buaiteoirí foriomlána. Cuirfear leis an gcuid seo de réir mar a bhailímid níos mó míreanna ón am atá thart.
Bailte Slachtmhara na hÉireann, 1958 – 2008, Ceiliúradh 50 Bliain
Foilseachán comórtha a choimisiúnaigh an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil agus SuperValu chun comóradh 50 bliain na mBailte Slachtmhara a cheiliúradh, le béim ar na hiontrálaithe a bhuaigh an comórtas ó 1958 i leith. © Whitespace Publishing Group 2008.
Stair na mBailte Slachtmhara 1958 – 1982
Is í Stair na mBailte Slachtmhara le Anco, a choimsiúnaigh Bord Fáilte, an treoir údarásach ar bhunús na mBailte Slachtmhara. Athfhoilsithe le caoinchead Fáilte Éireann. © Fáilte Éireann 1982.
