Gradaim Speisialta 2023

FOIRMEACHA IONTRÁLA DÁMHACHÁIN SPEISIALTA 2023

Eagraítear ár nGradamí Speisialta urraithe i gcomhthreo leis an bpríomhchomórtas agus tá sé mar aidhm acu luaíocht a thabhairt do thionscnaimh atá dírithe ar do phobal a fheabhsú. Tá iontráil oscailte do gach coiste Bailte Slachtmhara áil sna Dámhachtainí Speisialta agus ní bheidh tionchar ag neamhiontráil ar fheidhmíocht sa phríomhchomórtas.

Tabhair cuairt ar www.BailteSlachtmhara.ie chun nuashonrú a fháil ar na gradaim speisialta seo. Má bhíonn aon deacrachtaí agat rochtain a fháil ar aon cheann de na foirmeacha iarratais ar dhámhachtainí speisialta, déan teagmháil le do thoil le haonad Bailte Slachtmhara chun cúnamh a fháil. www.BailteSlachtmhara.ie 01 773 6938 no 01 773 6912.

  • Is deonach amháin atá iontráil sna Dámhachtainí Speisialta agus ní chuirfidh neamhiontráil isteach ar fheidhmíocht an phríomhchomórtas.
  • Seol do chuid foirmeacha iarratais comhlánaithe ar fad chuig chuig an seoladh a thugann an t-urraitheoir.

Uimh. 1

Gradam Thionscadal na gCrann

Duaischiste €1,000

Urraithe ag Comhairle Crann na Éireann

Tugann Gradam Tionscadal Crann aitheantas do thionchar tábhachtach/suntasach a bhíonn ag crainn ar baile mór nó ar sráidbhaile. Tá sé riachtanach go bhfuil smaoineamh cúramach déanta ar cur na gcrann agus ar bainistíocht na gcrann thar thréimhse a saol. Aithníonn an gradam seo Coiste na mBailte Slachtmhara a thaispeáin an tiomantas is airde do chruthú atmaisféar coilleannaí

uirbeach.

haghaidh tuilleadh eolais féach ar www.treecouncil.ie

Féach an Fhoirm Iontrála anseo
2023 Tree Project Award Entry Form Irish Word
2023 Tree Project Award Entry Form Irish PDF


Uimh. 2

GRADAM TASCFÓRSA BRUSCAR GUMA

DUAISCHISTE €5,000

Urraithe ag an Tascfórsa Bruscar Guma (TBG) uathachais.

Is í aidhm an Tascfórsa Bruscar Guma (TBG) ná feasacht ar bhruscar guma coganta a ardú trí tionchar a bheith aige ar athrú iompar dearfach timpeall diúscairt bruscar guma agus forfheidhmiú níos láidre den fhíneáil €150.

Ba mhaith leis an TBG cúiteamh a thabhairt do phobail atá ag cur tograí feasacht timpeallachta i bhfeidhm chun fáil réidh le bruscar guma coganta.

Féach ar www.gumlittertaskforce.ie  chun tuilleadh eolais a fhá

Féach an Fhoirm Iontrála anseo
2023 Gum LitterTaskforce Entry Form English


Uimh. 3

An Gradam Gníomhaithe ar son na hAeráide

Duaischiste: €6,000

Urraithe ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide

Is é an sprioc fhoriomlán atá leis an nGradam Gníomhaithe ar son na hAeráide, urraithe ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, aitheantas a thabhairt don méid atá pobail áitiúla a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar athrú aeráide. Is é is cuspóir leis an ngradam seo feasacht a ardú ar ghníomhú ar son na haeráide, pobail áitiúla a chumasú le hathrú a dhéanamh ag leibhéal áitiúil agus athrú iompair a chur chun cinn sa phobal níos leithne.

Le haghaidh tuilleadh sonraí féach Climateawards@decc.gov.ie

Féach an Fhoirm Iontrála anseo
2023 Climate Action Entry Form


Uimh. 4

Gradam do Dhaoine Óga i mBailte Slachtmhara

Duaischiste €5,000

Urraithe ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail

Is ar an aoisghrúpa idir 16 agus 24 atá Gradam na nDaoine Óga dírithe, na daoine óga atá rannpháirteach i dtionscnaimh agus tionscadail ina ngrúpaí Bailte Slachtmhara i rith na bliana. Níl scoileanna ábalta cur isteach air. Ba chóir iontrálacha a sheoladh ar aghaidh ag baint úsáid as an bhfoirm iontrála Gradam na nDaoine Óga.

Is féidir grianghraif a úsáid chun tacú le bhur n-iarratas. Ba cheart d’iarratasóirí ar Ghradam na nDaoine Óga mar a chinntíonn grúpaí Bailte Slachtmhara go mbíonn baint ghníomhach ag daoine óga san aoisghrúpa 16 go 24 chun cur ar bhonn leanúnach le gníomhaíochtaí Bailte Slachtmhara áitiúla a léiriú, lena n-áirítear ballraíocht, nó rannpháirtíocht dhíreach sna Grúpaí.

Tá tuilleadh eolas le fáil ach ríomhphost a sheoladh chuig www.BailteSlachtmhara.ie

Féach an Fhoirm Iontrála anseo
2023 Young Persons Award Entry Form Irish


Uimh. 5

GRADAM NA GCUSPÓIRÍ MAIDIR LE FORBAIRT INBHUANAITHE

DUAISCHISTE €6,000

Urraithe ag an Roinn Comhshaoil Aeráide agus Cumarsáide

Is bailiúchán iad na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe de 17 spriocanna atá aontaithe go domhanda chun deireadh a chur le bochtanas, chun an domhan a chosaint agus chun síochán agus rath a dhaingniú do chách. Is le gach duine na SFI agus is féidir le gach duine cur leis na spriocanna seo a bhaint amach. Is gealltanas lárnach é faoi Clár Folaigh 2030 nár chóir éinne a fhágáil ar lá

IS féidir tuilleadh eolais a aimsiú ar na SFI trí cuairt a thabhairt ar: www.gov.ie/sdgs

Féach an Fhoirm Iontrála anseo
2023 Sustainable Development Goals Application Form


Uimh. 6

DÚSHLÁN BAILE AN RIAI

DUAISCHISTE €5,000

Is féidir le Baile Beag (1,001 – 5,000) agus Baile Mór (5,001 – 15,000) amháin iarratas a dhéanamh ar an ngradam

Urraithe ag Institiúid Ríoga Ailtirí na hÉir

Tá an gradam oscailte do gach catagóir. Urraithe ag Institiúd Ríoga Ailtirí na hÉireann Is áiteanna iontacha conáithe, oibre agus saol sláintiúil taitneamhach a chaitheamh iad bailte mór agus sráidbhailte. Tá áthas ar Institiúd Ríoga Ailtirí na hÉireann tacaíocht a thabhairt do Choistí na mBailte Slachtmhara atá ag obair ar athnuachán nó cruthúnas leithéid áiteanna le seirbhís Ailtire Cláraithe. Oibreoidh an Ailtire le Coiste na mBailte Slachtmhara áitiúil chun ‘fís’ a chruthú do dhearadh uirbeach ar mhaithe le fadhb a réiteach i do bhaile. Is coimisiún ailtireachta é an gradam.

Chun cur isteach ar, líonfaidh coiste áitiúil na mBailte Slachtmhara an fhoirm iarratais, agus scríobhfaidh an coiste alt ghearr a chuireann tréithe dearfacha an bhaile agus a fhadhbanna in iúl. Ba chóir tacú leis seo le grianghraif.

Le do thoil téigh go www.riai.ie  chun a thuilleadh eolais a fháil.

Féach an Fhoirm Iontrála anseo
2023 RIAI Town Challenge Award Entry Form


 Uimh.7

Gradam Pobail San Áireamh

SuperValu Agus AsIAm

Duaischiste €2,000

Urraithe le SuperValu agus AsIAm Tá an dámhachtain speisialta seo chun aitheantas a thabhairt do shamplaí de chuimsiú inbhuanaithe ag coistí Bailte Slachtmhara i dtreo phobal an uathachais.

Tá sé mar aidhm ag an dámhachtain seo aitheantas a thabhairt don sár-obair a dhéanann coistí maidir le glacadh le pobal an uathachais agus é a áireamh. Tá SuperValu agus AsIAm ag obair i gcomhpháirtíocht chun pobail níos cuimsithí a chur chun cinn agus tá an dámhachtain seo chun aitheantas a thabhairt don obair chrua a dhéanann coistí atá ag déanamh athruithe chun uilechuimsitheacht phobal an uathachais a chur chun cinn agus a éascú.

Tá acmhainní agus faisnéis maidir le cleachtais a thacaíonn le huathachas ar fáil ar www.supervalu.ie agus  www.AsIAm.ie

Le haghaidh tuilleadh sonraí féach ar www.AsIAm.ie   nó www.supervalu.ie

Féach an Fhoirm Iontrála anseo
SuperValu AsIAm Inclusive Communities Award Entry Form English


Uimh. 8

Gradam Fhuinneoga Maithe an RIAI

Duaischiste €500

Is féidir le catagóirí Sráidbhailte, Bailte Beaga agus Bailte Móra iarratas a dhéanamh ar an ngradam seo.

Urraithe ag Institiúid Ríoga Ailtirí na hÉireann

Tá an gradam seo oscailte do na catagóirí Sráidbhailte, Bailte Beaga ags Bailte Móra. Urraithe ag Institiúd Ríoga Ailtirí na hÉireann. Is Gradam Speisialta é Gradam na bhFuinneog Maith IRAE chun fuinneoga cuí a cuir ar aghaidh i mbailte agus sráidbhailte na hÉireann. Tá foirgnimh stairiúla agus foirgnimh nua-aimseartha ar sráideanna bailte na hÉireann. Is fiú fuinneoga le dea-bhail orthu agus fuinneoga nua-aimseartha go cothrom.

Tá duais €500 don bhaile leis an méid is mó fuinneaga cuí mar seo a leanas:

  • Sampla d’fhuinneog le dea-bhail uirthi ar shráid uirbeach agus
  • Sampla d’fhuinneog mhaith nua-aimseartha nó oscailt ghlónraithe go hiomlán i sráid uirbeach.

Le cuir isteach, líonfaidh coiste áitiúil na mBailte Slachtmhara an fhoirm iarratais agus seolfar grianghraif de dhá fhoirgneamh atá lonnaithe ar shráid ina bhfuil fuinneoga cuí iontu. Ba chóir go dtaispeánfar na foigneamh agus na fuinneoga go soiléir sna grainghraif.

Is féidir leis an gcoiste bronnta an gradam a roinnt le níos mó ná baile amháin mar a fheileann.

Le do thoil téigh go www.riai.ie  chun a thuilleadh eolais a fháil.

Féach an Fhoirm Iontrála anseo
2023 RIAI Good Windows Award Entry Form


Uimh. 9

GRADAM NÁ FÁG AON NÍ I DO DHIAIDH NA MBAILTE SLACHTMHARA

DUAISCHISTE €1,100

Urraithe ag Leave No Trace Ireland Gradam Ná Fág Rian Duais – Oiliúnt Feasa do 15 (duine) le luach €1,100, fáil ar Acmhainn Ná Fág Rian ar líne agus cuir chun cinn ar na meáin shóisialta.

Urraithe ag Ná Fág Rian Éireann

Anois ina cheathrú bhliain, tugann Gradam Speisialta Ná Fag Rian na mBailte Slachmhara pobail dá n-iarrachtaí suntasacha chun cosaint agus cur leis an timpeallacht nádúrtha agus do chur chun cinn freagracht na ndaoine agus iad amuigh faoin aer. Trí aitheantas a thabhairt do na pobail seo, déanann Ná Fág Rian Éireann iarracht pobail eile a spreagadh chun tabhairt gníomhaíochtaí móra ar mhaithe le siamsaíocht freagrach lasmuigh a chur chun cinn. Cuir isteach ar chun insint dúinn faoi na rudaí atá curtha i gcríoch ag do ghrúpa.

Le do thoil, faigh tuilleadh eolais ar www.leavenotraceireland.org

Féach an Fhoirm Iontrála anseo
2023 Leave No Trace Entry Form


Uimh. 10

AN GRADAM UISCÍ AGUS POBAIL

DUAISCHISTE €7,000

Urraithe ag Iascach Intíre Éireann, Uiscebhealaí Éireann agus ag Clár Uiscí na nÚdarás Áitiúil

Tá an Gradam Speisialta d’Uiscí agus do Phobail oscailte d’aon ghrúpa pobail a thaispeáin buíochas dá thimpeallacht uisce agus oidhreacht uisce i rith 2022, trí samplaí a thaispeáint de tograí a rinneadh anuraidh, (samplaí san áireamh: tacaíocht bithéagsúlachta agus oidhreacht uisce; eolaíocht saoránaigh; cuir chun cinn iascaireachta; eolas faoi imeachtaí agus togar a ardú; cuir chun cinn Réitigh Dúlra-Bhunaithe; glanadh suas de uiscí áistiúla; soláthar agus uasghrádú d’achmhainn, srl.)

Tá an Gradam speisialta seo urraithe ag Iascaigh Intíre Éireann (IIÉ) www.fisheriesireland.ie  (freagrach do bhainistíocht na hiascaigh intíre agus san earnáil slatiascaireareacht mara); Uiscebhealaí Éireann www.waterwaysireland.org   (freagrach do bhainistíocht uiscebhealaí intíre inseolta) agus Clár Uiscí na hÚdarás Áitiúil (CLUÁ) www.lawaters.ie  (ag obair le pobail chun a bheith páirteach ag tabhairt aire d’uiscí áitiúla).

Waters and Communities Portal


Uimh. 11

An Gradam Oidhreachta

Duaischiste €3,000

Urraithe ag an gComhairle Oidhreachta

Féachtar leis an nGradam Oidhreachta, atá urraithe ag an gComhairle Oidhreachta, feasacht a ardú ar an tábhacht a bhaineann leis an oidhreacht áitiúil agus mar atá an oidhreacht sin ábalta cur le comhuintearais agus mórtas áite.

Foirgnimh, séadchomharthaí agus ábhar músaeim atá i gceist le hoidhreacht chomh maith le tírdhreacha, fiadhúlra agus coillearnacha dúchasacha, muirdhreacha, geolaíocht, garraithe agus páirceanna oidhreachta, uiscebhealaí intíre, béaloideas agus ceirdeanna.

Chun tuilleadh eolais a fháil seol ríomhphost chuig mail@heritagecouncil.ie

Féach an Fhoirm Iontrála anseo
Heritage Award Entry Form Irish Word
Heritage Award Entry Form Irish PDF


Uimh. 12

AN PLEAN PAILNEORA UILE ÉIREANN – GRADAM PAILNEORA AN ÚDARÁIS ÁITIÚIL

DUAISCHISTE €10,000

Urraithe ag Oifigí Oidhreachta agus Oifigí Bithéagsúlachta na nÚdarás Áitiúil ar fud na hÉireann i gcomhpháirtíocht leis an Ionad Sonraí Bithéagsúlachta.

Féachann Gradam Pailneora an Údaráis Áitiúil le grúpaí Bailte Slachtmhara a spreagadh chun gníomhartha atá báúil do phailniú a chur i bhfeidhm ar fud bailte agus sráidbhailte mar chuid den chomórtas Bailte Slachtmhara. Tá beacha fiáine na hÉireann, ríthábhachtach do phailniú ár bplandaí, ár gcrann agus ár nglasraí ach tá na beacha ag dul i léig – an chúis atá leis sin ná go bhfuil laghdú tubaisteach déanta ar na limistéir ar féidir le beacha a nead a dhéanamh agus ar an mbia a chuirtear ar fáil dóibh faoin tír. Is é aidhm an ghradaim ná athrú a chur air sin trí ghrúpaí Bailte Slachtmhara a spreagadh bearta simplí atá báúil do phailneoirí a ghlacadh ina gceantair áitiúla féin. Tacaíonn Gradam Pailneora an Údaráis Áitiúil leis an bPlean Pailneora Uile Éireann ag a bhfuil urraíocht ó Oifigí Oidhreachta & Oifigí Bithéagsúlachta na nÚdarás Áitiúil ar fud na hÉireann.

Bronnfar €1,000 i ngach ceann den cheithre réigiún sa chatagóir Sráidbhaile/Baile Beag agus sa chatagóir Baile Mór/Lárionad Uirbeach Mór. De na hocht iomaitheoir sa bhabhta ceannais, bronnfar €1,000 breise ar an mbuaiteoir náisiúnta foriomlán. Tá “Gradam don Iontráil Nua Is fearr” freisin ann lena bhfuil duais €1,000.

Chun tuilleadh eolais a fháil féach ar www.pollinators.ie

Féach an Fhoirm Iontrála anseo
2023 Local Authority Pollinator Award Entry Form Irish


Uimh. 13

GRADAM EACNAMAÍOCHTA CIORLÁN EPA

DUAISCHISTE €2,000

Urraithe le The Environmental Protection Agency

Tá Gradam Geilleagar Ciorclach an EPA chun aitheantas a thabhairt do phobail a rinne gníomhaíochtaí a thacaíonn le geilleagar ciorclach. I ngeilleagar ciorclach cuirtear cosc ar dhramhaíl agus déantar táirgí a athúsáid nó a dheisiú lena n-athúsáid. Trí dhramhaíl a chosc agus tacú leis an ngeilleagar ciorclach is féidir linn an leas is fearr a bhaint as ár n-acmhainní agus an comhshaol a chosaint. Tá aon tionscnaimh chun úsáid nó tomhaltas acmhainní (ábhair, táirgí, uisce, fuinneamh) a laghdú, acmhainní / táirgí a roinnt, athúsáid, deisiú nó ath-mhonarú san áireamh; cibé acu ag an bpobal, teaghlaigh, gnólachtaí, scoileanna, le d’údarás áitiúil, nó eagraíochtaí eile. Féadfaidh obair a dhéantar faoin bpríomhchatagóir iomaíochta ‘Inbhuanaitheacht – níos mó a dhéanamh le níos lú’ a bheith ábhartha don dámhachtain speisialta seo.

Gheobhaidh an buaiteoir náisiúnta foriomlán duais €1,000, agus 2 dhuais dara háit náisiúnta de € 500 an ceann.

Le haghaidh tuilleadh sonraí féach a cep@epa.ie

Féach an Fhoirm Iontrála anseo
2023 EPA Circular Economy Award Entry Form Irish Word
2023 EPA Circular Economy Award Entry Form Irish PDF


Uimh. 14

MION-DÁMHACHTAIN SCOILE NA MBAILTE SLACHTMHARA

DUAISCHISTE DE €5,000

ARNA URRÚ AG SUPERVALU

Tá SuperValu ag tabhairt isteach duais nua bhunscoile dar teideal Mion-Dámhachtain na mBailte Slachtmhara. Bímid go léir ag iarraidh go mbeidh deis ag ár bpáistí tuiscint, agus taithí, a fháil ar an iontas a bhaineann le bia dá gcuid féin a shaothrú agus an tábhacht atá i gceist leis an mbithéagsúlacht áitiúil a chosaint, ionas go mbeidh siad in ann fás suas i ndomhan níos sláintiúla. Agus sin an fáth a bhfuil SuperValu ag iarraidh ar gach Bunscoil, i mbliana, a thaispeáint dúinn an obair iontach go léir atá déanta acu chun a dtimpeallachtaí scoile agus a seomraí ranga a fheabhsú.An bhfuil torthaí agus glasraí féin do bhur gcuid féin á saothrú agaibh sa bhunscoil ina bhfuil tú? An bhfuil limistéar tugtha ar ais don fhiántas agaibh ar mhaithe le beacha agus na bithéagsúlachta? An bhfuil limistéar curtha ar leataobh agaibh do bhláthanna atá oiriúnach do phailneoirí?Táimid ag iarraidh oraibh freisin na thionscadail fáis bia agus bhithéagsúlachta atá forbartha agaibh sa scoil a roinnt linn, chomh maith le haon phleananna don todhchaí atá agaibh chun an cheist seo a chur chun cinn sa seomra ranga.

Le haghaidh tuilleadh sonraí féach ar www.supervalu.ie

Féach an Fhoirm Iontrála anseo
14 SuperValu Tiny TidyTowns School Award English