Fáilte go www.tidytowns.ie
A Chairde,
Tá áthas orm a fhógairt go bhfuil comórtas Bailte Slachtmhara SuperValu na bliana seo seolta. Tá an comórtas seo ag spreagadh iarracht an phobail le hos cionn leathchéad bliain agus tá áthas orm a thabhairt ar aird gur i méid atá an comórtas ag dul agus an comórtas ar an bhfód anois le 55 bliain. Bliain iontach a bhí sa bhliain seo caite do Bhailte Slachtmhara SuperValu tráth ar chuir 855 cathair, baile agus sráidbhaile isteach ar an gcomórtas ar fud na hÉireann. Tá súil agam go n-éireoidh linn cur tuilleadh leis an líon sin i mbliana agus go mbeidh comórtas 2013 ar an gceann is mó fós. Is é téama na bliana seo dul amach ansin agus Cuidigh le do Phobal a bheith ar an gceann is fearr.
Seo an 22ú bliain ag SuperValu a bheith ag tabhairt urraíochta agus ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leo ar cheann de na comhpháirtíochtaí urraíochta is fearr atá ag éirí leis a thógáil in Éirinn agus buíochas a ghlacadh leo dá dtacaíocht gan staonadh don chomórtas. Is sampla iontach é Bailte Slachtmhara SuperValu mar is féidir le comhpháirtíocht phoiblí phríobháideach oibriú ar mhaithe le gach uile duine sa tsochaí.
Tugtar deis leis an gcomórtas iarracht mhór dheonach a dhéanamh i mbailte agus i sráidbhailte ar fud na tíre agus cuireann iarracht na gcéadta coiste Bailte Slachtmhara agus na mílte oibrithe deonacha leis an gcomhshaol ina mairimid agus cuidíonn sé freisin chun mórtas a bheith againn as ár bpobail. Bhí mo Roinnse ag obair i gcomhar le hOibrithe Deonacha na hÉireann chun cur leis an iarracht dheonach; leis an láithreán gréasáin atá acu www.volunteer.ie meaitseáiltear daoine sa phobal a bhfuil suim acu tabhairt faoi obair dheonach le deiseanna obair dheonach ina gceantair féin. Iarraim ar ghrúpaí Bailte Slachtmhara leas a bhaint as an tionscnamh seo.
Toisc go mbeidh Tóstal Éireann 2013 ar siúl i mbliana táim ag iarraidh béim a chur ar an tábhacht atá lenár dtír a léiriú ar an mbealach is fearr is féidir mar thír ghlan agus ghlas le cónaí inti, le gnó a dhéanamh inti agus le cuairt a thabhairt uirthi. Táimid ag iarraidh ar na cuairteoirí go léir a fhágann an tír seo trácht a dhéanamh d’áilleacht na háite atá feicthe acu agus go mbeidh siad ag iarraidh filleadh arís sna blianta atá amach romhainn. Táim ag iarraidh údaráis áitiúla a spreagadh nasc a threisiú lena ngrúpaí pobail reatha, coistí na mBailte Slachtmhara san áireamh. Tá na Bailte Slachtmhara ag cur feabhais ar an gcomhshaol ina mairimid le hos cionn 50 bliain agus chuidigh siad chun íomhá na hÉireann a chur chun cinn thar lear.
Chomh maith leis an bpríomhchomórtas tá deich gComórtas Speisialta a fhéadfar cur isteach orthu freisin. Cuirtear fáilte roimh na comórtais sin agus is cuid lárnach iad de chomórtas na mBailte Slachtmhara agus ba mhaith liom spreagadh a thabhairt do na hiontrálaithe go léir féachaint go maith ar na comórtais sin agus iarracht a dhéanamh cur isteach ar roinnt acu sa bhreis ar an bpríomhchomórtas.
Ar deireadh, ba mhaith liom buíochas a ghlacadh arís lenár bpríomhurraitheoir SuperValu, urraitheoirí ár gComórtais Speisialta, ár moltóirí agus le Fáilte Ireland dá dtacaíocht leanúnach don chomórtas den scoth seo. Is údar mór mórtais domsa gach rath a ghuí ar na hiontrálaithe go léir in 2013.
Go n-éirí an saol & an aimsir libh!
Phil Hogan, T.D.,
An tAire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil






