Gradaim Speisialta
Ná déan dearmad d’Fhoirm Iontrála a íoslódáil maidir lenár nGradaim Speisialta Urraithe ag www.TidyTowns.ie:
Tá os cionn €40,000 le buachan do do phobal.
Eagraítear ár nGradaim Speisialta Urraithe ag an am céanna lenár bpríomhchomórtas agus é mar fheidhm leo luach saothair a thabhairt do thionscnaimh chun feabhas a chur ar do phobal.
Is féidir le gach coiste Bailte Slachtmhara chomh maith le daoine aonair nó grúpaí eile ar suim leo sin a dhéanamh cur isteach ar an gcomórtas seo. I mbliana chun an méid páipéir a úsáidtear a laghdú táimid ag soláthar gach foirm iarratais lena n-íoslódáil ag www.TidyTown.ie nó ar láithreán gréasáin na nUrraitheoirí atá léirithe sa mhír atá leis an bhfoirm iontrála seo nó trí dul i dteagmháil le hAonad na mBailte Slachtmhara.
Is de rogha na ndaoine/ngrúpaí féin cur isteach ar na Gradaim Speisialta agus ní chuirfear isteach ar mar a éireoidh leat sa phríomhchomórtas mura ndéanfar iarratas orthu. Seol ar ais na foirmeacha iarratais chomhlánaithe le do thoil chuig Aonad na mBailte Slachtmhara, An Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil, Sráid Taoiling, Tobar an Choire, Co. Shligigh faoi Déardaoin an 23 Bealtaine 2013.
Gradam na mBailte Turasóireachta Slachtmhara – Fáilte Ireland Duaischiste €20,000
Tá Fáilte Ireland ag eagrú Gradam na mBailte Turasóireachta Slachtmhara in 2013 chun tacú le bailte a bhfuil aitheantas faighte acu i gComórtas Bailte Slachtmhara SuperValu agus a bhfuil spéis acu sa turasóireacht. Cuidíonn earnáil turasóireachta láidir le hinbhuanaitheacht bailte agus sráidbhailte agus le hinmharthanacht eacnamaíoch na ngnóthaí áitiúla. Bronnfar duais airgid ar na bailte is fearr a n-éireoidh leo ag deireadh an chomórtais.
Gradam Repak don Bhanc Tabhartha is Fearr 2013 – Duaischiste €8,000
Tairgeann Gradam Repak don Bhanc Tabhartha is Fearr plaic agus duais de luach € 1,000 do gach ceann de na pobail a bhuaigh i ngach ceann de na seacht réigiún de na mBailte Slachtmhara, leis an buaiteoir foriomlán náisiúnta chun duaischiste €1,000 sa bhreis a fháil.
Comórtas spesialta is é an ‘Gradam Repak don Bhanc Tabhartha is Fearr’ urraithe ag Repak chun aithinteas a thabhairt do dtacaíocht an phobail i gcothabháil ar a láithreáin Banc Tabhartha áitiúil agus i gcuidiú lena gcuma ghinearálta agus lena n- úsáid.
Tá foirm iarratais don comórtas spesialta seo a íoslódáil ó láithreán gréasáin na mBailte Slachtmhara faoi an táb don gcomórtas agus do na Ghradaim Spesialta. http://www.tidytowns.ie/ nó www.repak.ie
Chomh maith le urraíocht an gradam seo, tá Repak freisin ina urraitheoir bródúil as na Duaiseanna Réigiúnacha, ina bhfuil a stór duaischiste de € 2,000 in aghaidh an réigiún.
Comórtas an Tascfhórsa ar an mBruscar Guma Coganta (TBGC) 2013 Duaischiste €5,000
Ba mhaith leis an TBGC luach saothair a thabhairt do phobail ar thionscnaimh feasachta comhshaoil a chur i bhfeidhm chun deireadh a chur le bruscar guma coganta ina gceantair.
Tá dhá chatagóir TBGC ann , mar seo a leanas:
Catagóir A Duaischiste €2000 - iontráil ó Shráidbhaile agus ó Bhaile Beag
Catagóir B Duaischiste €2000 - iontráil ó Bhaile Mór agus ó Lárionad Uirbeach
Beidh duais de €1000 sa bhreis ann chomh maith, don bhuaiteoir foriomlán ar an dá chatagóir.
Chun foirm iarratais a fháil, logáil isteach ar: http://www.gumlittertaskforce.ie/tidy-town-awards.html agus/nó TidyTowns.ie
Dúlra Faoideara agus BithÉagsúlacht - An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta Duaischiste €2,000
Is éard atá in Dúlra Faoi Deara feachtas feasachta pobail na hÉireann ar an mbithéagsúlacht. Is é aidhm an fheachtais cur le feasacht an phobail ar an tábhacht a bhaineann leis an mbithéagsúlacht agus spreagadh a thabhairt do gach duine a chuid féin a dhéanamh maidir len í a chosaint. Cabhróidh sin le deireadh a chur leis an dochar atá á dhéanamh dár gcuid plandaí agus ainmhithe, agus don tírdhreach, do na huiscí agus do na gnáthóga ina bhfuil siad ina gcónaí. Is cuid thábhachtach é an feachtas dár gcuid oibleagáidí mar Pháirtí sa Choinbhinsiún maidir leis an mBithéagsúlacht (CBD). Is Conradh idirnáisiúnta é an CBD a bhfuil trí phríomhsprioc aige: an bhithéagsúlacht a chaomhnú, a comhpháirteanna a úsáid ar bhealach inmharthanach, agus na buntáistí a thagann as acmhainní géiniteacha a úsáid a roinnt go cothrom.
Le tuilleadh mionsonraí a fháil, logáil isteach ar: www.TidyTowns.ie nó www.pobail.ie
Can It! 2013 - Alupro Ireland -Duais €1,000
Bunaíodh Alupro Ireland (Eagraíocht Athchúrsála Pacáistithe Alúmanaim) i 2007, chun cabhrú le feasacht a spreagadh agus chun spéis an phobail a dhíriú ar phacáistiú alúmanaim a athchúrsáil agus an buntáiste dár n-acmhainní nádúrtha a bhaineann le pacáistiú alúmanaim a athchúrsáil. Tá ag éirí go maith le Can It! mar chomhpháirtíocht idir Alupro Ireland agus Aonad na mBailte Slachtmhara agus chonacthas torthaí iontacha ó na scoileanna agus na grúpaí pobail ar fud na hÉireann a ghlac páirt ann agus a d’oibrigh go crua chun saothair ealaíne cruthaitheacha a dhéanamh as cannaí agus scragall alúmanaim. Is iomaí rud a cruthaíodh, ón bhFear Cannaí go dtí muilte gaoithe agus dragain.
Le tuilleadh mionsonraí a fháil, féach www.TidyTowns.ie nó www.aluproireland.ie
Gradam Cur Chun Cinn na hOidhreachta – An Chomhairle Oidhreachta. Duais €1,000
Féachann Gradam Cur Chinn Cinn na hOidhreachta le feasacht níos fearr a chur chun cinn maidir leis an méid a chuireann oidhreacht lenár gcaighdeán saoil agus le forbairt eacnamaíoch inbhuanaithe. Féachann an Chomhairle Oidhreachta go háirithe le haitheantas a thabhairt do thionscadail a théann chun tairbhe na hoidhreachta, a mbíonn baint ag an bpobal leo agus a spreagann daoine.
Le tuilleadh mionsonraí a fháil, féach www.TidyTowns.ie nó www.heritagecouncil.ie
Gradam Thionscadal na gCrann – Comhairle Crann na hÉireann Duais €1,000
Tugann Gradam Thionscadal na gCrann aitheantas don tionchar ollmhór a bhíonn ag crainn atá lonnaithe i gceart i mbaile nó i sráidbhaile agus don tábhacht a bhaineann leis an gcrann ceart a bheith san áit cheart. Tá sé den ríthábhacht go ndéanfaí machnamh cúramach faoi chrainn a chur agus faoi iad a bhainistiú i gcaitheamh a saoil. Tugann an gradam luach saothair don Choiste Bailte Slachtmhara a bhfuil na caighdeáin is airde léirithe aige ó thaobh crainn a shuiteáil agus a chothabháil.
Le tuilleadh mionsonraí a fháil, féach www.TidyTowns.ie nó www.treecouncil.ie
Gradam Sráidbhaile Uirbeach agus Tuaithe- Institiúid Pleanála na hÉireann Duais €1,000
Aithníonn Gradam Sráidbhaile Uirbeach agus Tuaithe an chuid is fearr de phleanáil bhaile phobail agus an méid a baineadh amach sna réimsí seo a leanas:
• Caomhnú, cothbháil agus athúsáid dinimiciúil na lárionad uirbeacha traidisiúnta agus stairiúla I gcomhair an phobail. Is féidir foirgneamh amháin nó ceantar a bheith i gceist anseo; nó
• Bunú lárionaid taitneamhacha sráidbhailte le béim ar ghníomhnaíocht phobail chun scéimeanna nua a fhorbairt agus a sheachadadh a chuireann imeachtaí chun cinn I lár an tsráidbhaile agus a théann chun sochair don phobal maguaird; nó
• Scéimeanna / Staidéir pleanála foilsithe ullmhaithe agus bainistithe ag an bpobal nó a raibh an pobal mar príomhpháirtí ann.
Le tuilleadh mionsonraí a fháil, féach ar www.TidyTowns.ie nó www.irishplanninginstitute.ie
Gradam Sráidbhaile Uirbeach agus Tuaithe- Institiúid Pleanála na hÉireann Duais €1,000
Is í an aidhm atá le gradaim Athrú Aeráide na mBailte Slachtmhara ná cur le feasacht ar athrú aeráide, aitheantas a thabhairt don tionchar dearfach comhshaoil a bhíonn ag imeachtaí Bailte Slachtmhara i ngach comharsanacht agus rannpháirtíocht i dtionscadail ina dtugtar aghaidh ar athrú aeráide a spreagadh.
Le tuilleadh mionsonraí a fháil, féach ar www.TidyTowns.ie nó www.environ.ie
An Gradam d’Fhorbairt Inbhuanaithe – An Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil Duais €1,000
Tugann an Gradam d’Fhorbairt Inbhuanaithe aitheantas do phobail a chuireann prionsabail na Forbartha Inbhuanaithe i bhfeidhm agus don tslí a dtéann an fhorbairt sin chun tairbhe an phobail níos leithne. An sainmhíniú is coitianta ar fhorbairt inbhuanaithe ná “forbairt a fhreastalaíonn ar riachtanais na linne seo gan cur isteach ar chumas na nglún amach romhainn freastal ar na riachtanais a bheidh acu”. Breithníonn an fhorbairt inbhuanaithe an tslí a fhásaimid ó thaobh na heacnamaíochta, an chomhshaoil agus go sóisialta, agus tá mar aidhm aici cothromaíocht a bhaint amach idir na trí rud sin.
Le tuilleadh mionsonraí a fháil, féach www.TidyTowns.ie nó www.environ.ie
Is ar bhonn deonach go hiomlán a chuirtear isteach ar na Gradaim Speisialta ach mura gcuireann tú isteach orthu ní bheidh aon tionchar aige sin ar mar a éireoidh leat i bpríomh-chomórtas Bailte Slachtmhara SuperValu. Dáta Deiridh: 23 Bealtaine 2013.
Cliceáil anseo chun liosta iomlán den Gradaim Speisialta a fheiceáil
Download Document:
PDF list of Special Awards for 2013






