Ár nUrraitheoirí

A Chairde,

2019 an 28ú bliain ag SuperValu urraíocht a dhéanamh ar chomórtas na mBailte Slachtmhara. Tá sé ar cheann de na tionscnaimh phobail is faide ar an bhfód in Éirinn agus táimid fíorbhródúil baint a bheith againn leis.

Tá Comórtas na mBailte Slachtmhara ar an tionscnamh inbhuanaitheachta is éifeachtaí agus is tábhachtaí in Éirinn anois, ó thaobh na timpeallachta de agus ó thaobh an phobail de. Is comórtas ar leith é Comórtas Bailte Slachtmhara SuperValu, agus níl a leithéid de chomórtas le fáil in áit ar bith eile san Eoraip.
Ba chóir go mbeimis ar fad bródúil as scála an chomórtais agus go dtuigimis an tionchar ollmhór atá imeartha aige ar an tsochaí.

Measaimid gur tionscnamh den chéad scoth é a chuireann pobail chun cinn agus táimid ríméadach leanúint leis an gcomhpháirtíocht le Comórtas na mBailte Slachtmhara chun an sprioc seo a bhaint amach.

Mar aon le Comórtas na mBailte Slachtmhara, tá siopaí SuperValu i gcroílár go leor pobal ar fud na tíre. Ar an tslí chéanna a dtugann Comórtas na mBailte Slachtmhara daoine le chéile ó gach cuid den phobal chun oibriú le chéile ar son na cúise, creideann SuperValu freisin in obair i gcomhar agus tionchar chun maitheasa a imirt chun pobail áitiúla bhríomhara a chothú.

Tá 219 siopa ag SuperValu i bpobail ar fud na hÉireann. Mar atá na coistí Bailte Slachtmhara, tá ár gcuid miondíoltóirí mar chuid lárnach de na bailte agus de na sráidbhailte ar fud na hÉireann, agus dá bharr sin, is comhpháirtíocht den scoth í seo. Tá miondíoltóirí SuperValu ag freastal ar mhuintir na hÉireann le 40 bliain agus, ar nós go leor ball de na Bailte Slachtmhara, bíonn siad ag obair gan staonadh chun feabhas a chur ar na háiteanna ina mbíonn siad ag maireachtáil agus ag obair, agus tuigeann siad an tábhacht a bhaineann le bród a bheith ag daoine as a bpobal áitiúil.

Táimid ag obair go dlúth leis an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail le 28 mbliana anuas chun an comórtas tábhachtach seo a chur chun cinn. Ag treisiú atá Comórtas na mBailte Slachtmhara agus is fiú go mór an t-aitheantas a fhaigheann sé maidir le cur le saol an phobail ar fud na hÉireann. Tá aitheantas ag dul freisin do dhílseacht agus do dhíograis na mílte oibrí deonach a bhíonn páirteach i gComórtas na mBailte Slachtmhara gach bliain, agus is mar gheall orthusan atá rath agus forás ar an gcomórtas.

Is mian liom an deis seo a thapú chun buíochas a ghabháil libh as an obair mhór a dhéanann sibh agus guím gach rath oraibh i gComórtas Bailte Slachtmhara SuperValu 2019, comórtas rathúil agus taitneamhach eile, gan dabht.

Martin Kelleher,
Managing Director, SuperValu