Breitheamh

Déanann painéal de mholtóirí neamhspleácha atá ceaptha ag an Roinn Chomhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil measúnú ar na bailte atá rannpháirteach agus bíonn sé seo ar siúl i mí Meithimh, i mí Iúil agus mí Lúnasa gach bliain.  Déantar an measúnú seo faoi rún agus ar dhátaí neamhshonraithe.

Déantar gach iontrálaí a mheas faoi deich gcritéar agus tá 400 marc ar fáil mar a leanas-

• An cur chuige forbartha foriomlán (50 marc)
• An timpeallacht thógtha, (50 marc)
• Tírdhreachú (50 marc)
•Fiadhúlra agus taitneamhachtaí nádúrtha (50 marc)
• Rialú bruscair (50 marc)
• Slacht (30 marc)
• Bainistiú Acmhainní agus Dramhaíola Inbhuanaithe(20 marc)
• Ceantair chónaithe (40 marc)
•Na bóithre, na sráideanna agus cúlcheantair  (50 marc)
• Imprisean ginearálta (10 marc)

Baineann na critéir seo le timpeallacht fhisiciúil an cheantair le haird á tabhairt ar ábhair a sheol an t-iontrálaí isteach, go bhféadfaí i measc nithe eile, mapa, pleananna, grianghraif, agus DVDnna a áireamh ina measc.

Is féidir leis na rannpháirtithe fo-cheantair sainspéise a shonrú do na moltóirí le breathnú orthu, ach clúdaíonn an mholtóireacht iomlán an ceantar ar fad agus na bóithre isteach chuig an gceantar. Sainmhínítear é seo go hiondúil mar an ceantar atá laistigh de na comharthaí fáilte chuig ceantar, agus sa chás nach mbíonn a leithéid ann, laistigh de na comharthaí teorainn íseal-luais ábhartha. I gceantair atá níos iargúlta nó níos uirbigh, agus nach bhfuil na teorainneacha soiléir, síneann an ceantar moltóireachta is lú feadh ciliméadair amháin i ngach treo ó lár an cheantair de réir mar a cheadaíonn tíreolaíocht áitiúil agus na ceantair atá in aice láimhe sin.

Mar thoradh ar an measúnú seo aithnítear líon iontrálaithe mar iarrathóirí a d’fhéadfadh an teideal foriomlán a bhuachan agus tá siad faoi réir nach lú na measúnú amháin eile a bheidh níos mionsonraithe.  Déanann an painéal iomlán moltóirí cinntí i ndáil leis na buaiteoirí.

A luaithe a fhógraítear na buaiteoirí i Meán Fómhair, postáiltear tuarascálacha na measúnaithe ar fad chuig gach iontrálaí agus tá fáil orthu ar líne ag an láithreán gréasáin seo.  Leis na tuarascálacha measúnaithe ar fad ó 1996 a fheiceáil cliceáil anseo.