An mbaineann na Bailte Slachtmhara le ‘Slacht’ ar fad?

B’fhéidir é.  Braitheann sé ar do shainmhíniú ar shlacht. Ciallaíonn slacht go díreach ‘glaineacht’ do go leor daoine, ach sa chás sin bheadh sé mícheart cur síos a dhéanamh ar na Bailte Slachtmhara amhail is dá mbeadh siad ag déileáil le glaineacht amháin. Ciallaíonn slacht i ‘gcaoi mhaith’, ‘roinnt mhaith’ agus ‘go mór’, áfach, atá ina gcur síos i bhfad níos fearr. Go bunúsach is faoi rudaí a dhéanamh i gceart atá na Bailte Slachtmhara – pleanáil mhaith, foirgnimh agus spásanna poiblí a bheith coinnithe i gcaoi mhaith, meas ar thaitneamhachtaí nádúrtha agus ar bhithéagsúlacht , bealaí poiblí atá glan agus saor ó thranglam, agus an rud is tábhachtaí ar fad, rannpháirtíocht an phobail.

Ach ar deireadh thiar thall an bhfuil ann ach díreach comórtas tallainne?

Ní shin é atá i gceist.  Mar a dhearbhóidh aon duine a ghlac páirt ann, ní cur í láthair tharraingteach ach tuiscint dhomhain agus rannpháirtíocht i riachtanais ceantair atá i gceist chun an gcaighdéan is airde a shroichint faoi chlár na mBailte Slachtmhara. Tá fáil a bheith ar rannpháirtíocht an phobail thar a bheith tábhachtach i dteannta le cur chuige straitéiseach agus córasach i ndáil leis na gníomhaíochtaí ar fad. Rangaítear na gnéithe seo chomh maith le caighdeán an chur í láthair lena chinntiú go mbíonn na feabhsúcháin fadtéarmach agus inbhuanaithe.

An ndéanann na Bailte Slachtmhara measúnú ar an mbaile nó ar ghníomhaíochtaí Ghrúpa na mBailte Slachtmhara?

Déantar measúnú orthu araon.  Ba é an bunsmaoineamh a bhí leis na Bailte Slachtmhara an t-iontrálaí a spreagadh lena gceantar féin a fheiceáil ar an mbealach ina bhfeicfeadh strainséir é agus le dearcadh nua, réimsí faidhbe a aithint agus réitigh a mholadh  i gcomhpháirtíocht  leis an bpobal agus leis na húdaráis ábhartha. Maireann an coincheap bunúsach sin go dtí an lá atá inniu ann, mar sin ní mór do cheantar caighdeán ard fisiciúil a bheith aige fós le marcanna suntasacha a fháil.

Breathnaítear go díreach, áfach, ar ghníomhaíochtaí an iontrálaí, ar nós rannpháirtíocht an phobail agus ar chomhoibriú le comhlachtaí eile, faoi chatagóir ‘Cur Chuige Forbartha Foriomlán’ agus tógtar san áireamh pleanáil agus cur chuige straitéiseach le linn an chuid eile den mheasúnú. Is í seo an chúis go bhféadfadh iontrálaithe nua, nó iontrálaithe nach gcuireann an t-eolas atá riachtanach ar fáil, scór íseal a fháil cé go mbreathnaíonn sé go bhfuil an ceantar curtha i láthair go maith. Tosaíonn na marcanna ag méadú nuair a bhíonn na straitéisí agus na struchtúir iomhcuí curtha in áit agus nuair a choinnítear an moltóir ar an eolas go hiomlán san fhoirm iontrála gach bliain. Tá sé seo riachtanach lena chinntiú go gcuireann na Bailte Slachmhara le seachadadh feabhsúchán fadtéarmach inbhuanaithe.

An do Bhailte amháin atá comórtas na mBailte Slachtmhara Oscailte?
Ní hea.  Sa chás seo is léiriú éasca uileghabhálach atá i ‘mBaile’. Mar gheall gur tionscnamh uilechuimsitheach é na Bailte Slachtmhara, is féidir le ceantair, is cuma cén saghas iad páirt a ghlacadh agus déanfar measúnú ar gach ceann acu faoina gcatagóirí féin faoi seach. Go deimhin, is é an t-aon srian atá ar iontráil nach féidir le páirteanna de cheantar a bheith rannpháirteach astu féin; ní mór don cheantar ar fad a theacht le chéile mar aon iontrálaí amháin.

Tá mise i mo chónaí i mbaile fearainn le líon beag tithe agus ba bhreá liom a bheith rannpháirteach, ach go dtí seo níl aon ‘cheantar sainithe’ ann.  Mar sin féin an mbeadh ar mo chumas iontráil?

Bheadh. San áit ina bhfuil spiorad pobail idir na háitritheoirí i mbaile fearainn níl aon bhacainn ar iontráil sna Bailte Slachtmhara. Go deimhin, d’fhéadfadh rannpháirtíocht cuidiú le ceantar a shainiú níos fearr thar am agus ar an mbealach sin ardán dlúth a chruthú don phobal le díriú ar shaincheisteanna i dteannta a chéile a d’fhéadfadh a bheith in ndán don phobal. An méid atá riachanach go bhfeidhmeodh ghné éigin den cheantar mar phointe fócasach chun gníomhaíochtaí na mBailte Slachmhara a dhaingniú, ar nós siopa, teach tábhairne, crosbhóthar nó droichead áitiúil.

Ar an lámh eile, má tá baile fearainn ar an teorainn le baile eile atá rannpháirteach cheana, tá an scóip ann le hiontráil leis an mbaile sin. Mar go mbreathnaítear ar an gceantar máguaird i measúnú na mBailte Slachtmhara, tá ról ann dóibh siúd atá sa bhaile fearainn rannpháirtíocht thar a bheith dearfach a bheith acu i n-iarracht foriomlán an bhaile.

Tá cónaí orm i gceantar mór uirbeach leis an mílte tithe a dtagraítear dóibh go ginearálta mar aon áit amháin.  An féidir le m’eastát iontráil as féin?

B’fhéidir. De bharr gur tógadh roinnt mhaith de na ceantair uirbeacha móra, go háirithe ias siúd a tógadh sna 60’aidí, sna 70’aidí agus sna 80’aidí, gan mórán aird á thabhairt ar an mbaile traidisiúnta ná ar aitheantas an tsráidbhaile agus gur tógadh iad ar scála nach spreagfadh spiorad pobail ná pobal a theacht le chéile ar bhealach éasca.

Oibríonn na Bailte Slachtmhara le háitritheoirí agus leis an lucht gnó áitiúil chun cuidiú leo aitheantas a gceantar féin a shainiú nó a threisiú ionas go mbeidh ar a gcumas taitneamh a bhaint as na buntáistí pobail céanna leo siúd atá ina gcónaí i dtimpeallacht atá níos pleanáilte agus níos struchtúrtha. Beadh ar a gcumas seo a leanas, áfach, cur isteach ar na Bailte Slachmhara –

– Ceantair stairiúla a mhair mar dhúiche.
– Comharsanachtaí neamhspleácha nua atá tagtha chun cinn le himeacht ama.
– Forbairtí nua a tógadh leis an gcuspóir sainiúil a bheith ina ndúiche neamhspleách.

Molaimid i gcónaí gur chóir d’eastát iontráil sna Bailte Slachtmhara chun aiseolas tosaigh a fháil. Trí sin a dhéanamh, cuireann sé ar chumas an mholtóra an staid a mheas agus len fheiceáil an gcáileodh an eastáit mar cheantar ar leith as féin nó cibé ar chóir dó dul i gcomhar le heastát eile le comharsanacht inmharthana agus inbhuanaithe níos fearr a chruthú.

Más comórtas atá sna Bailte Slachtmhara ansin caitfidh cailliúnaithe chomh maith le buaiteoirí a bheith ann?

Ní chaithfidh. Dá mba rud é gur comórtas a bheadh ann agus sin amháin, is amhlaidh a bheadh an cás, ach ní comórtas amháin atá sna Bailte Slachtmhara.  Is clár tacaíochta atá sna Bailte Slachtmhara freisin ina spreagtar rannpháirithe le caighdeáin a fheabhsú o bhliain go bliain. Tá sé dosheachanta go mbeidh ceantair áirithe níos faide chun cinn ina gcuid forbartha ná ceantair eile ar roinnt mhaith cúiseanna, mar sin go simplí ní dhéanann sé aon chiall tagairt a dhéanamh den chuid eile mar chailliúnaithe. Mar an gcéanna, is míthuiscint iomlán ar thionscnamh na mBailte Slachtmhara a bheadh ann a cheapadh gur féidir bailte atá rangaithe níos ísle ná bailte eile a mheas a bheith ‘brocach’ nó ‘salach’ tráth a bhfuil cuid mhaith fachtóirí eile i gceist le rialú na marcanna.

An bhfuil rialacha na mBailte Slachtmhara comhsheasmhach le dea-chleachtas i nithe comhshaoil?

Tá. Ar nós a lán rudaí, tagann coincheapa an dea-chleachtais chun cinn le himeacht ama de réir mar a fhoghlaimímid tuilleadh faoin domhan ina bhfuil cónaí orainn agus ó thorthaí a gcuid gníomhartha. Mar an tionscnamh comhshaoil is faide atá ar bun in Éirinn, chonaic na Bailte Slachtmhara na coincheapa seo ag athrú thar na blianta agus chuaigh in oiriúint dóibh dá réir sin. Mar sin ní gá go léireodh Bailte Slachtmhara an lae inniu smaointe a bhí ann, abair 20 bliain ó shin. Leanfaimid lena chinntiú go mbíonn lámhleabhar na mBailte Slachtmhara agus na foilseacháin a ghabhann leis cothrom le dáta i ndáil le smaointe reatha agus táimid oscailte i gcónaí le malairt tuairimí a chuirtear os a gcomhair a bhreithniú