Fáilte

Tá ríméad orm a bheith in ann comórtas bliantúil Bhailte Slachtmhara SuperValu a sheoladh arís i mbliana. Is bliain speisialta í i mbliana mar go bhfuil an comórtas ar an bhfód anois le 60 bliain. Is tionscnamh Rialtais i gcomhar lenár n-urraithe – SuperValu- é ar éirigh thar cionn leis.

Mar chuid de cheiliúradh 60 bliain an chomórtais, d’fhógair mé scéim deontais aon uaire idir €1,000 agus €4,000 do choistí i mí na Samhna 2017. Is é cuspóir na scéime aitheantas, más beag féin é, a thabhairt d’obair chrua agus do dhúthracht na n-oibrithe deonacha atá ag obair gan stad gan staonadh thar na blianta lena gcuid bailte, sráidbhailte agus saol an phobail a fheabhsú. Spreagann bhur bhflaithiúlacht, díograis, dúthracht agus iarracht i gcónaí mé. Tá mé an-sásta gur sheol 901 choiste as an 974 choiste a bhí i dteideal cur isteach ar an deontas iarratas isteach – is ionann sin agus 93% de choistí. Is iontach an fhreagairt í sin. Tá súil agam go gcabhróidh sin leis an obair a bhíonn ar siúl agaibh agus go gcabhróidh sé freisin an ócáid seo a cheiliúradh sa tslí cheart.

Chun 60 bliain an chomórtais a cheiliúradh freisin, thug oifigigh i mo Roinnse faoi
phróiseas comhairliúcháin inar tugadh cuireadh do choistí Bailte Slachtmhara ar fud na tíre
athbhreithniú a dhéanamh ar an gcomórtas agus é a thabhairt cothrom le dáta. Fuair Aonad na mBailte Slachtmhara i mo Roinnse aiseolas den scoth agus féachfar leis an méid tuairimí maithe agus is féidir a chur i bhfeidhm in 2018 agus in 2019. Nuair a bheidh tú ag líonadh isteach na foirme iarratais, tabharfaidh tú faoi deara go bhfuil roinnt leasuithe déanta ar an gcur síos atá ar na catagóirí do 2018. Tá súil agam go ndéanfaidh na cuir síos athbhreithnithe seo níos soiléire é duit féin agus don choiste. Ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl daoibhse ar fad a chabhraigh leis an bpróiseas comhairliúcháin agus muid ag obair le chéile chun an comórtas a choinneáil bríomhar, spéisiúil agus ábhartha.

Bhain comórtas Bailte Slachtmhara SuperValu riamh le hiarracht an phobail agus mórtas áitiúil a chruthú. Ba é Fáilte Éireann a cheap an comórtas an chéad uair riamh sa bhliain 1958. Tháinig sé chun cinn tar éis féile náisiúnta glantacháin earraigh darb ainm An Tóstal. Ba é a bhí i gceist leis an bhféile ná meon cathartha níos mó i leith mórtas náisiúnta a spreagadh, chun go mbeadh deis ag gach cathair, baile agus sráidbhaile a bheith páirteach ina bhealach speisialta féin agus a bheith rannpháirteach i saol na hÉireann gach bliain. Tá na spriocanna sin fós le brath go láidir sa chomórtas go dtí an lá inniu agus is iad cnámh droma an chomórtais iad.

Tá an tsuim atá i gComórtas Bailte Slachtmhara SuperValu ag méadú gach bliain. Ó cuireadh tús leis i 1958, tá méadú mór tagtha ar líon na n-iarrthóirí – 52 iarrthóir a bhí ann i 1958 agus 870 iarrthóir a bhí ann in 2017 ar fud 26 chontae. Tá na caighdeáin ag ardú gach bliain agus féachann na coistí le tuilleadh feabhais a dhéanamh gach bliain le tionscadail agus tionscnaimh nua. Bíonn suim agam i gcónaí a fheiceáil chomh nuálach is a bhíonn coistí Bailte Slachtmhara. Cuireann gach céim a ghlacann sibh in bhur dtionscadail Bailte Slachtmhara leis an obair ar fad atá déanta agaibh cheana féin. Glacann sé am saothar bhur gcuid oibre a fheiceáil – bíonn blianta i gceist uaireanta – ach murach chomh diongbháilte is atá sibh, ní bheadh an obair bhreá atá déanta agaibh i mbailte agus i sráidbhailte ar fud na tíre le feiceáil anois.

Tá ríméad orm go bhfuil mo Roinnse ag obair go dlúth le príomhurraitheoir an chomórtais, SuperValu, lena chinntiú go rachaidh an comórtas ó neart go neart. Tá SuperValu lárnach maidir leis an gcomórtas a chothabháil agus a fhorbairt, ní hamháin tríd an tacaíocht airgeadais a chuireann sé ar fáil, ach tríd an tacaíocht áitiúil a chuireann a líonra miondíoltóirí ar fáil do ghrúpaí Bailte Slachtmhara. Ba mhaith liom mo bhuíochas ó chroí a chur in iúl do Martin Kelleher, Stiúrthóir Bainistíochta SuperValu, agus d’fhoireann SuperValu as a ndíograis agus a bhfuinneamh i leith an chomórtais agus as an gcúnamh leanúnach a thugann siad chun tionscnaimh Bailte Slachtmhara SuperValu a chur chun cinn, a fhorbairt agus a fhás.

Arís i mbliana, chomh maith leis an bpríomhchomórtas, tá 13 Ghradam Speisialta i gcatagóirí éagsúla a fhéadfar cur isteach orthu. Is cuid bhunúsach agus bhreise den Chomórtas Bailte Slachtmhara iad na gradaim speisialta seo agus ba mhaith liom ugach a thabhairt d’iarrthóirí uile an phríomhchomórtais cur isteach ar roinnt de chatagóirí na nGradam Speisialta, nó orthu go léir. Tá roinnt gradam nua ann i mbliana agus tá roinnt athruithe déanta ar na gradaim a bhí ann a bhféadfadh spéis a bheith ag do choiste iontu. Tá mionsonraí faoi na Gradaim Speisialta go léir le fáil ar d’fhoirm iarratais nó ar www.TidyTowns.ie.

Ar deireadh, ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl do SuperValu, ár bpríomhurraitheoir agus a dhéanann urraíocht ar na Gradaim Speisialta go léir, do na moltóirí agus go háirithe do na hoibrithe deonacha a bhíonn ag obair go díograiseach lena chinntiú go ndéantar ionadaíocht mhaith ar a mbailte nó ar a sráidbhailte sa chomórtas. Tá áit speisialta ina gcroí ag daoine do chomórtas na mBailte Slachtmhara agus in éineacht beidh an chéad seasca bliain eile den chomórtas níos fearr fós.

Guím gach rath ar rannpháirtithe 2018.

Go n-éirí an t-ádh libh!

Michael Ring T.D., Minister of State for Regional Economic Development