Note

For full functionality of this site it is necessary to enable JavaScript.
Here are the
instructions how to enable JavaScript in your web browser
.

Baile - Tidy Towns


Comórtas SuperValu na mBailte Slachtmhara 2024 á Sheoladh ag an Aire Heather Humphreys

  • Tá an comórtas á reáchtáil don 66ú bliain as a chéile
  • Tá níos mó ná 30,000 oibrí deonach na mBailte Slachtmhara ag cruthú bailte níos bríomhaire agus níos inbhuanaithe
  • Gairm chun gníomh chun níos mó oibrithe deonacha Óga a fháil do Bhailte Slachtmhara i mbliana 

Inniu (an 23 Márta 2024c), sheol an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Heather Humphreys TD, i bpáirt le Stiúrthóir Bainistíochta SuperValu, an tUasal Ian Allen, comórtas na mBailte Slachtmhara SuperValu 2024.

Sa lá atá inniu ann, tá níos mó i gceist leis an gcomórtas, a cuireadh i bhfeidhm sa bhliain 1958, arna riar ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus arna urrú ag SuperValu, agus is léir gur gluaiseacht náisiúnta inbhuanaitheachta atá ann.

Mar gheall ar an rath atá air, déantar leas do bhailte, sráidbhailte agus pobail ar fud na hÉireann ar bhealaí cearta agus fiúntacha, agus is áiteanna níos tarraingtí agus inbhuanaithe iad do gach duine dá bharr sin.

Le linn sheoladh an chomórtais i Mainistir Laoise, dúirt an tAire Humphreys:

“Bhí ríméad orm cuairt a thabhairt ar Mhainistir Laoise, an Baile is Slachtmhaire in Éirinn don bhliain 2023 agus sinn i mbun comórtas SuperValu na mBailte Slachtmhara 2024 a sheoladh.

I mbliana, ceiliúraimid 66 bliain den chomórtas iontach seo, arb ionann é agus spiorad an phobail ar fud na hÉireann ar fad. 

Oibríonn níos mó ná 30,000 oibrí deonach i 1,000 grúpa gníomhach Bailte Slachtmhara gan stad gan staonadh, de lá agus d’oíche, chun áit níos fearr agus níos inbhuanaithe a dhéanamh dá bpobal áitiúil mar áit chun maireachtáil inti, oibriú inti agus cuairt a thabhairt uirthi.  

Anuraidh, bhí ríméad orainn breis agus 880 iarratas iontrála ar an gcomórtas a fháil, agus tá súil againn i mbliana go mbeidh níos mó bailte fós páirteach agus ag cur a gcuid iarrachtaí thar cionn i láthair.”

Dúirt an tAire Humphreys freisin:

“Baineann Bailte Slachtmhara le daoine, áiteanna agus féidearthachtaí. Is áit faoi leith gach aon áit agus is tríd an gcomórtas a chuirtear ardán ar fáil chun an méid is fearr faoinár bpobail ar fud na hÉireann a chomhroinnt.

I mbliana, táim ag iarraidh daoine a spreagadh go láidir le páirt a ghlacadh, go háirithe an dream óg. Dóigh iontach is ea é chun do bhaile a chlaochlú ina áit bhríomhar, ionchuimsitheach agus inbhuanaithe ná páirt a ghlacadh i do ghrúpa Bailte Slachtmhara áitiúil.

Chomh maith leis sin, ba mhaith liom buíochas a ghlacadh lenár gcomhpháirtí agus urraitheoir, SuperValu mar gheall ar a dtacaíocht agus a ndíograis leanúnach i ndáil le hinbhuanaitheacht. I gcaitheamh an 32 bliain ar lena linn a rinne siad urraíocht, rinne SuperValu tairbhe as cuimse do bhailte ar fud na hÉireann, go háirithe sna réimsí a bhaineann le bithéagsúlacht agus maireachtáil inbhuanaithe.”  

Dúirt Ian Allen, Stiúrthóir Bainistíochta SuperValu ag an seoladh inniu:

“I saol na linne seo, tá Bailte Slachtmhara SuperValu ina ghné lárnach de shaol an phobail i mbailte agus sráidbhailte ar fud na hÉireann. Is fórsa cumhachtach é a thugann daoine le chéile, agus atá ina léiriú ar an méid is féidir a bhaint amach nuair a oibríonn pobail le chéile i dtreo na sprice céanna chun áiteanna níos fearr agus níos inbhuanaithe a dhéanamh dá gceantair áitiúla chun maireachtáil iontu, oibriú iontu agus a bheith ag spraoi iontu.

Bhí ríméid faoi leith orm le blianta beaga anuas faoin bhforbairt a tháinig ar an tionscnamh maidir le níos mó béime a leagan ar ghníomhú inbhuanaithe ar son na haeráide agus ar thionscadail bhithéagsúlachta chun na mílte duine a spreagadh tionchar dearfach agus buan a bhaint amach ina bpobail féin. Chomh maith leis sin, ba mhór an t-ardú meanman dom an meascán oibrithe deonacha óga agus oilte a chinntíonn go rachaidh Bailte Slachtmhara SuperValu ó neart go neart agus go leanfar den nuálaíocht gach aon bhliain.

Mar mhiondíoltóir pobail, cúis mhór bróid dúinn is ea páirt a ghlacadh i dtionscnamh iontach dá leithéid. Tá SuperValu an-dúthrachtach faoi aire a thabhairt do na pobail a bhfreastalaímid orthu. Tá an tionscnamh ó SuperValu ‘Gníomhaíocht Áitiúil, Tionchar Domhanda’ ina léiriú ar an meon seo, ní hamháin trí inbhuanaitheacht a chur chun cinn, ach trí bhraistint ar úinéireacht an phobail a chothú, ar léiriú é sin ar spiorad na mBailte Slachtmhara SuperValu. Tríd an tionscnamh seo, cuirimid i láthair na gníomhartha beaga is féidir le daoine aonair a dhéanamh ina bpobail laethúla chun athrú dearfach a chur i gcrích, ar léiriú é sin ar na luachanna atá fréamhaithe sna Bailte Slachtmhara.  Mar is iondúil, táimid ag tnúth le dul i mbun oibre lenár gcomhpháirtithe miondíola agus leis an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail chun leanúint de Bhailte Slachtmhara SuperValu a mhéadú mar ghluaiseacht phobail faoi leith a bhfuil todhchaí níos fearr fós i ndán di.”

Tá réimse iontach de Ghradaim Speisialta ag baint leis an gComórtas, ar nós Ghradam an Phlean Uile-Éireann um Pailneoirí, an Ghradam Daoine Óga i mBailte Slachtmhara, an Ghradam Oidhreachta agus an Ghradam Ná Fág Riain i measc gradaim eile, ar tríothu sin a gcuirtear gné bhreise eile leis an gcomórtas agus a gcuirtear roinnt duaiseanna iontacha ar fáil do bhailte buacacha.

I ndiaidh an Ghradaim um Lár Bailte ar dTús a reáchtáladh den chéad uair anuraidh, táthar i mbun leanúint den chatagóir arís i mbliana mar Ghradam Speisialta SuperValu na mBailte Slachtmhara, d’fhonn aitheantas a thabhairt do na hiarrachtaí eiseamláireacha a rinneadh i mbailte i ndáil le hathbheochan láir bhailte a chur chun cinn i gcomhréir leis an bpolasaí Lár Bailte ar dTús.

Is é Dé Céadaoin an 8 Bealtaine 2024 an dáta deiridh chun iarratais a chur isteach ar chomórtas na bliana seo. Ní ghlacfar le hiontráil sa chomórtas ach amháin trí ríomhphost chuig an seoladh tidytowns@drcd.gov.ie. Tá foirmeacha iontrála do chomórtas na mBailte Slachtmhara SuperValu ar fáil ar www.tidytowns.ie agus déanfar iad a sheoladh trí ríomhphost chuig na grúpaí ar fad a chláraigh.



Bailte Slachtmhara 2019 – An tEolas is Déanaí




Ár nUrraitheoirí

Ceann de na tréimhsí urraíochta is faide in Éirinn agus is cúis mhór bróid dúinn bheith gaolta leis.




Nuacht


Cliceáil anseo chun na scéalta is déanaí a léamh ó SuperValu Slachtmhara Baile.




Bailiúchán grianghraif ó na blianta atá imithe. Tóg turas síos lána cuimhne!



Físeán Upcycling


Tá roinnt físeáin ullmhaithe ag SuperValu chun tú a spreagadh chun a ndúshlán a chothú!